Gaeilge Mhanann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaeilge Mhanann
(Y Ghaelg, Y Ghailck)
Á labhairt: ar Oileán Mhanann
Réigiún: -
Cainteoirí san Iomlán: dúchasach: 56
dara teanga: 1,823 (2011)[1]
Rang: (Ní sa chéad 100)
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Ceilteach
  Gaelach
   Gaeilge Mhanann

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Mhanann
Foras Pleanála Teanga: Coonseil ny Gaelgey (Comhairle na Gaeilge)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 gv
ISO 639-2 glv
ISO 639-3 glv
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Ghaelach a labhraítear in Oileán Mhanann atá i gceist leis an Manainnis, nó Gaeilge Mhanann (GaelgGailck sa teanga féin). Shíolraigh sí ón Meán-Ghaeilge ar dtús, agus tá sí cosúil le Gaeilge Uladh agus Gaeilge na hAlban. Fuair an cainteoir deireanach dúchais, Ned Maddrell, bás sa bhliain 1974, ach tá athbheochán á rith ar an oileán agus líon na gcainteoirí ag dul i méadaíocht. Tá gaelscoil Mhanainnise ann le cúpla bliain anuas áfach, ina n-úsáidtear an teanga mar mheán teagaisc. Baineann rialtas Mhanann, an Tinbheal, úsáid as Gaeilge Mhanann mar theanga oifigiúil reachtaíochta, chomh maith leis an mBéarla.

Cé go bhfuil gaol dlúth ag an Manainnis leis na teangacha Q-Cheilteacha eile (Gaeilge agus Gàidhlig), tá an litriú bunaithe ar litriú an Bhéarla agus na Breatnaise.

An Teanga Féin[athraigh | edit source]

An Litriú[athraigh | edit source]

Is é an litriú an difríocht is suntasaí idir an Mhanainnis agus an dá chineál Gaeilge eile. Tá córas litrithe na Manainnise bunaithe ar an Teagasc Críostaí a tháinig ó pheann Thomas Wilson agus a chuaigh i gcló sa bhliain 1707. Ina dhiaidh sin, rinneadh aithris ar an litriú seo i ngach leabhar a foilsíodh sa teanga.

Tá litriú Wilson ag tarraingt ar fhoinsí is sine ná é, áfach. Bhí an tEaspag John Phillips i gceannas ar chúrsaí eaglasta an oileáin i dtús na seachtú haoise déag, agus d'fhoghlaim sé caint na ndaoine le bheith in ann seanmóireacht a dhéanamh as Manainnis. B'as an mBreatain Bheag don Easpag Phillips, rud a d'fhág lorg áirithe na Breatnaise ar an gcóras litrithe, ach tríd is tríd, b'é an Béarla an réamhshampla ba tábhachtaí a bhí ann. D'aistrigh Phillips Leabhar na nUrnaithe Coitianta nó an Book of Common Prayer go Manainnis, ach níor cuireadh an t-aistriúchán i gcló riamh. Mar sin féin, is follasach go raibh Wilson tar éis a staidéar féin a dhéanamh ar an lámhscríbhinn sin nuair a bhreac sé síos a Theagasc Críostaí féin sa teanga.

Dealraíonn sé go raibh an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach á saothrú san oileán go gairid roimh dheireadh na séú haoise déag, nó fuair Aodh Mac Aingil féin cuid dá oideachas ansin sna 1580idí. Mar sin féin, níor choinnigh Phillips oiread is taobhshúil ar an gcaighdeán clasaiceach nuair a d'oibrigh sé amach a litriú féin.

Tá aon litir amháin in úsáid sa Mhanainnis inniu nach bhfeicfeá sa Bhéarla, mar atá, ç. Scríobhtar an t caol (nó "ch" an Bhéarla) mar /çh/ sa Mhanainnis, agus is ionann /ch/ na Manainnise agus "ch" na Gaeilge (agus na Gearmáinise, cuir i gcás). Tugadh an litir ç isteach an chéad uair i bhfoclóir áirithe ón mbliain 1866. Roimhe sin, is mar /ch/ a litrítí an dá rud.

An Fuaimniú[athraigh | edit source]

Murab ionann agus litriú an dá Ghaeilge eile ní thaispeánann litriú na Manainnise caolú agus leathnú na gconsan go róshoiléir - agus le fírinne, tháinig lagú mór ar an difríocht idir an dá chineál consan i bhfad sula ndeachaigh an teanga féin in éag, de réir gach cosúlachta. Scéal eile, áfach, go ndearna Wilson agus Phillips iarracht ionraic le litriú difriúil a chinntiú d'fhocail ar aon fhuaimniú le chéile nárbh ionann a mbrí ná a sanasaíocht.

Cosúil le Gaeilge na Mumhan, cuireann an Mhanainnis an bhéim ar an nguta fada sa dara siolla, go háirithe i bhfocail a tháinig isteach ón bhFraincis Normannach, ar nós danjeyr "contúirt, dainséar" nó pryssoon "príosún". Is féidir an cineál seo béime a aithint ar fhocail dhúchasacha freisin, áfach: sampla maith é jarrood "dearmad" (cf. "dearúd" i gcanúint na Mumhan).

Sa Bhéarla, rinneadh [ei] den [a] fada i bhfocail ar nós hate, mate agus araile (bhí [a:] le cloisteáil iontu i ré an Mheán-Bhéarla, ach inniu, is mar [heit] agus [meit] a fhuaimnítear iad). Tharla rud cosúil sa Mhanainnis, nuair a d'iompaigh an t-[a:] fada ina [æ:]. Chuaigh an t-athrú seo i bhfeidhm ar an [o:] freisin, nó rith an t-[a:] agus an t-[o:] ina chéile sa Mhanainnis. Mar shampla, is ionann caghlaa na Manainnise agus caochló Ghaeilge Uladh, is é sin, an leagan Ultach den fhocal "claochlú"; agus is don [æ:] a sheasann an t-a dúbailte sa litriú Manainnise.

Tá fuaimniú na gconsan sách difriúil leis an dá Ghaeilge eile, uaireanta. Déantar [ð] (nó "th" an fhocail Bhéarla "this") den -d- idir dhá ghuta i bhfocail cosúil le claddagh "cladach", agus fágtar an -t ar lár san fhuaimniú i bhfocail ar nós boght [bαx] "bocht" nó noght [nαx] "anocht".

Má thagann an consan srónach i ndeireadh an fhocail, cloisfear ábhairín den phléascach homorgánach roimhe - is é sin, déanfar "trobm" de "trom" nó "badne" de "bán", go bunúsach. Ní bhíonn a leithéid le fáil sa dá chineál Gaeilge eile, ach spéisiúil go leor, bhí fuaimniú seo an chonsain shrónaigh i ndeireadh an fhocail coitianta i gcanúintí áirithe na Coirnise, nuair a bhí an teanga sin beo breabhsánta i gcónaí, rud is féidir a aithint ar na logainmneacha i gCorn na Breataine inniu féin.

An Ghramadach[athraigh | edit source]

Maidir leis an ngramadach, is léir go raibh cuid mhór de shaintréithre tipiciúla na gramadaí Gaelaí imithe as úsáid sa Mhanainnis i bhfad bhfad sula bhfuair Ned Maddrell bás - i bhfad sular saolaíodh é, fiú. Chuaigh an tuiseal ginideach in éag, chomh maith leis an saorbhriathar, an chopail agus an aidiacht shealbhach. B'é an tionchar láidir ón Lochlainnis ba chúis leis na forbairtí seo, mar a chreidtear inniu. Dá thoradh sin, áfach, bíonn an Mhanainnis - fiú an Mhanainnis "chlasaiceach" - an-chosúil le droch-Ghaeilge thipiciúil an Bhéarlóra. Ach ar ndóigh, tá gaol ag an mBéarla leis na teangacha Lochlannacha, agus dhéanfadh na Lochlannaigh dearmaid ghramadúla den chineál chéanna agus a dhéanann na Béarlóirí.

Stair na Teanga[athraigh | edit source]

Roimh Theacht an Bhéarla[athraigh | edit source]

Ós rud é go bhfuil Oileán Mhanann sách scartha ó shaol an Bhéarla, mhair an teanga slán na céadta bliain beag beann ar smacht polaitiúil na Sasanach ar an oileán, cé gurbh é an Béarla teanga oifigiúil na mbailte móra agus an riaracháin. Ón mbliain 1334 i leith, bhí an t-oileán á rialú ag tiarna éigin a bhain le huasalaicme Normannach Shasana. An tiarna deireanach den chineál seo, mar atá, Diúc Athol, dhíol sé an t-oileán le coróin Shasana sa bhliain 1765. Bhí an smuigléireacht fairsing forleathan mar shlí bheatha ag muintir an oileáin, rud a spreag rialtas Shasana chun seilbh dhíreach a fháil ar Mhanainn le dlíthe an Rí a chur i bhfeidhm ansin. Nuair a cailleadh an gnó sin, áfach, thosaigh an t-oileán ag bánú in éagmhais teacht isteach, agus na daoine ag aistriú go Meiriceá ar lorg pá. Shocraigh an chuid is mó de na Manannaigh i Meiriceá síos in Ohio, timpeall ar chathair Cleveland, agus creidtear go raibh an Mhanainnis á labhairt mar theanga phobail i gCleveland níos deireanaí ná in Oileán Mhanann féin.

Tionchar na Turasóireachta sa 19ú hAois[athraigh | edit source]

Nuair a bhí na Manannaigh féin ag dul ar imirce ina sluaite móra, chuir turasóirí saibhre Sasanacha sonrú san oileán mar áit saoire, agus thosaigh siadsan ag tonnadh isteach. D'éirigh gnó na cuairteoireachta ina thionscal mór i Manainn, agus ar ndóigh, bhí an Béarla de dhíobháil ar na bundúchasaigh a bhí ag iarraidh cupla pingin a shaothrú ag freastal ar na turasóirí. Dá réir sin, thosaigh an malartú teanga in Oileán Mhanann, agus i lár na naoú haoise déag, scoith an Béarla an Mhanainnis mar theanga thromlaigh san oileán. I dtús na fichiú haoise, bhí an Mhanainnis imithe mar theanga phobail, ach mhair seanchainteoirí in áiteanna go dtí an dara leath den aois chéanna. Fuair an cainteoir deireanach dúchais, Ned Maddrell, bás ar an seachtú lá fichead de Mhí na Nollag sa bhliain 1974.

Athbheochan[athraigh | edit source]

Comhartha dátheangach i nDúghlais

Thosaigh gluaiseacht athbheochana na teanga i ndeireadh na naoú haoise déag, agus na daoine ag tuiscint go raibh an Mhanainnis ag imeacht go tiubh téirimeach mar theanga dhúchais, agus obair ar leith ag teastáil leis na hiarsmaí féin a shábháil. Bhí bunú Chonradh na Gaeilge in Éirinn ina réamhshampla tábhachtach ag lucht athbheochana na Manainnise. Bunaíodh Yn Çheshaght Ghailckagh, nó Cumann Gaelach Oileán Mhanann, ar an dara lá fichead de Mhí na Márta sa bhliain 1899. Bhí an cumann seo dírithe ar an Manainnis a choinneáil beo mar theanga náisiúnta agus ar litríocht a fhoilsiú agus ar scríbhneoireacht a spreagadh sa teanga.

Chuir lucht athbheochana na Manainnise an-bhéim ar an mbéaloideas, nó b'é sin an t-aon litríocht dhúchasach a bhí acu i dtús báire, díomaite de na foilseacháin spioradálta ón ochtú haois déag. Sna blianta 1913-1919, bhí Yn Çheshaght Ghailckagh ag foilsiú Mannin, iris leathbhliantúil ina gcuirtí i gcló idir bhéaloideas Manainnise agus altanna faoi shaol traidisiúnta Oileán Mhanann. Tháinig deireadh leis an iris, áfach, nuair a fuair an t-eagarthóir, Sophia Morrison, bás. Bhí sí ina rúnaí ar Yn Çheshaght agus ina bailitheoir mór béaloidis.

An Nasc Gearmánach[athraigh | edit source]

I ndiaidh bhás Morrison, bhí an saol Manainnise ciúin go leor ar feadh tamaill, go dtí gur tháinig sracadh nua ann le hobair Mona Douglas. Bhí sise ina béaloideasóir tábhachtach cosúil le Morrison, agus luiteamas aici le náisiúnachas na hÉireann. Cuirtear ina leith, fiú, go raibh sí ag brath ar dhul i dtuilleamaí na Gearmáine Naitsíche le saoirse a bhaint amach do Mhanainn. Ar a laghad, dealraíonn sé go raibh lámh aici i mbunú Ny Manninee Dhooie, eagraíocht náisiúnaíoch a bhí báúil leis na Gearmánaigh, agus de réir an taighde a rinne an scoláire Manannach George Broderick ar stair na gluaiseachta náisiúnaíche i Manainn, bhí níos mó ná báúlacht i gceist. Faoin am céanna a raibh Mona Douglas ag béaloideasóireacht, bhí baicle de scoláirí Ceilteacha ag obair faoi cheannas Ludwig Mühlhausen do lárionad taighde an SS, agus iad ag cur an-spéise in Oileán Mhanann mar áit ina bhféadfadh an Ghearmáin leas a bhaint as an náisiúnachas áitiúil le dochar a dhéanamh don Ríocht Aontaithe. Bhí saineolaí ar leith ag an Lárionad le ceisteanna Ghaeilge Mhanann agus Oileán Mhanann a phlé, mar atá, Gerhard von Tevenar, agus é chomh heolach ar chúrsaí an oileáin is gur léir go raibh cairde nó lucht teagmhála aige i Manainn féin.[2]

Mar sin, is dócha go raibh daoine i ngluaiseacht na Manainnise agus iad fonnmhar chun comhoibriú leis na Gearmánaigh. Má bhí féin, áfach, ní bhfuair siad áiméar riamh leis sin a dhéanamh, agus mar sin, sheachain cúis na Manainnise an líomhain faoi fhealltóireacht agus faoi Fhaisisteachas a chuir isteach go mór mór ar ghluaiseacht athbheochana na Briotáinise i ndiaidh an chogaidh.

I nDiaidh an Dara Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

Sna blianta iarchogaidh, ba é Douglas Fargher a bhí ina rúnaí ar Yn Çheshaght Ghailckagh agus ina fhear mór gluaiseachta. Sa bhliain 1952, d'eisigh sé achainí ar mhuintir Mhanann an teanga a fhoghlaim agus a shaothrú, agus níos déanaí, i ndiaidh seal a chaitheamh thar lear, bhí sé an-ghníomhach ag réiteach leabhar don chló agus ag athfhoilsiú seanleabhar Manainnise. Sna seachtóidí a thosaigh na hOícheanta Gaelacha (Oieghyn Gailckagh), is é sin, cruinnithe tráthrialta d'fhoghlaimeoirí Manainnise a chuir ar a gcumas labhairt na teanga a aclú.

Aitheantas Oifigiúil[athraigh | edit source]

Níor cuireadh an Mhanainnis ar fáil sna scoileanna roimh an mbliain 1974. Ar dtús, ní raibh ann ach sórt caitheamh aimsire taobh amuigh den churaclam, ach sa bhliain 1982, forbraíodh an chéad scrúdú caighdeánaithe (GCE O-Level) sa Mhanainnis.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "Isle of Man Census Report 2011". Rheynn Cooishyn Tarmaynagh, Yn Tashtey (2012). Dáta rochtana: 8 Meán Fomhair 2012.
  2. Broderick, George. "Under the "Three-Legged-Swastika"".

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Gaeilge Mhanann
Vicipéid le fáil as Gaeilge Mhanann freisin
athraigh Teangacha Ceilteacha
canol
Teangacha Gaelacha
(Q-Cheilteach)
Teangacha Breatnacha
(P-Cheilteach)
canol canol canol canol canol canol
Gaeilge · Gaeilge Mhanann · Gaeilge na hAlban | Briotáinis · Coirnis · Breatnais
canol
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh