An Bhriotáinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Briotáinis
(Brezhoneg)
Á labhairt: sa Fhrainc
Réigiún: An Bhriotáin
Cainteoirí san Iomlán: 270,000
Rang: (Ní sa chéad 100)
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Ceilteach
  Breatnach
   Briotáinis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: -
Foras Pleanála Teanga: (rialtóir ar bith)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 br
ISO 639-2 bre
ISO 639-3 [1]
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha
Armas tradisiúnta na Briotáine

Teanga Cheilteach sa roinn Bhreatnach nó P-Cheilteach í an Bhriotáinis (Brezhoneg) a labhraítear sa Bhriotáin. I ré na hImpreachta Rómhánaí, chuaigh daoine thar farraige ón mBreatain go hiarthuaisceart na Fraince an lae inniu. Thugadar a dteanga leo, teanga a bhí á labhairt an uair úd ar fud an chuid is mó den mBreatain.

Tá gar-ghaol ag an mBriotáinis leis an mBreatnais atá fós sa Bhreatain Bheag, agus leis an gCoirnis, teanga a cailleadh ach a bhfuil díograsóirí ag iarraidh a hathbheochan.

Traidisiún na Briotáinise[athraigh | edit source]

Go traidisiúnta, labhraítear an Bhriotáinis sa chuid is faide siar den Bhriotáin, ar an taobh thiar den líne idir Plouha agus Vannes. Bhí sí á labhairt ag scothaicmí léannta go dtí an dóú haois déag, ach ina dhiaidh sin, d'fhan sí teoranta do mhuintir na tuaithe in Iarthar na Briotáine nó Breizh Izel, nuair a bhí na daoine uaisle agus, in aithris orthu siúd, na buirgéisigh á tréigean ar mhaithe leis an bhFraincis. B'í an Laidin an teanga scríofa ba tábhachtaí i nDiúcacht na Briotáine go dtí gur tháinig an Fhraincis ina háit sa chúigiú haois déag. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha áirithe ag an mBriotáinis, agus bíonn Briotáiniseoirí an lae inniu ag tarraingt ar an tSean-Bhriotáinis ar lorg téarmaíochta teicniúla nó eolaíche don Nua-Bhriotáinis.

Tionchar Réabhlóid na Fraince ar an mBriotáinis[athraigh | edit source]

Bhí monarcacht na Fraince, an t-ancien régime, ar nós cuma liom faoi na teangacha mionlaigh sa tír. I ndiaidh na réabhlóide, áfach, d'athraigh na cúrsaí go hiomlán, nó b'ansin a cuireadh tús le polasaithe a bhí meáite ar an bhFraincis a chur á labhairt ar fud na tíre agus na teangacha is na canúintí eile a bhaint de bhéal na ndaoine. Ní raibh lucht déanta na bpolasaithe seo in ann teangacha a aithint thar chanúintí, nó ní raibh, dar leosan, ach dhá rud ann, mar atá, an Fhraincis agus an patois. Bhí polaitíocht ag baint leis na hiarrachtaí seo, ar ndóigh. Bhí lucht na réabhlóide den tuairim go raibh na teangacha réigiúnda fite fuaite leis an bhfrithréabhlóideachas agus go raibh na monarcaithe agus na sagairt ag baint leasa as na teangacha seo mar bhábún leis an gcosmhuintir a choinneáil scartha ón réasún, ón réabhlóideachas agus ón oideachas. Deir lucht athbheochana na Briotáinise go raibh an lucht rialtais ag cur fíor-chatha sna scoileanna leis an teanga a chur de dhroim an tsaoil go hiomlán, agus go rabhthas ag náiriú na bpáistí a bhí ag labhairt Briotáinise chomh deireanach leis na seascaidí.

Meath agus Athbheochan[athraigh | edit source]

Bhí an Bhriotáinis á labhairt ag milliún agus trí chéad míle duine sa bhliain 1930. Tá ceathrú milliúin fágtha inniu, i ndiaidh an ródaigh a rinne na meáin chumarsáide agus córas lárnaithe polaitiúil na Fraince ar an teanga. I dtús na fichiú haoise, bhí duine as gach beirt in Iarthar na Breataine dall ar an bhFraincis ar fad, agus an chuid eile dátheangach san Fhraincis agus sa Bhriotáinis. Faoi lár na fichiú haoise, ní raibh ach céad míle duine aonteangach sa Bhriotáinis.

Comharthaí dátheangacha bóthair i gKemper.

Sa bhliain 1925, bhunaigh an tOllamh Roparz Hemon an iris úd Gwalarn le litríocht a fhoilsiú sa teanga. I rith an chéad naoi mbliana déag eile, bhí an iris seo agus an scoil scríbhneoirí ina timpeall ag iarraidh an Bhriotáinis a ardú ar aon leibhéal leis na teangacha móra domhanda. Bhí idir bhunsaothair liteartha agus aistriúcháin á gcur i gcló ar an iris.

Sa bhliain 1946, tháinig an iris úd Al Liamm i gcomharbas ar Gwalarn. Ina dhiaidh sin, bunaíodh sraith mhaith irisí Briotáinise, agus an litríocht ag fás agus ag forbairt sa teanga. Inniu, tá i bhfad níos mó litríochta ar fáil i mBriotáinis ná a shamhlófá le teanga neamhfhorleathan.

Sa bhliain 1977, cuireadh bun leis na chéad scoileanna Diwan, a bhí ag dul i muinín an tumoideachais le Briotáinis a theagasc do dhaoine óga. Modh eile ar baineadh triail as san am ab ea é Div Yezh nó an cur chuige dátheangach.

Sa bhliain 2004, foilsíodh aistriúchán Briotáinise d'eachtraí Astérix. Is fiú sonrú a chur ann go bhfuil cónaí ar Astérix féin sa Bhriotáin, de réir an ghreannáin féin.

Tá clú idirnáisiúnta anois ar roinnt fhilí, teangeolaithe agus scríbhneoirí próis a bhfuil saothair scríofa acu sa teanga, ar nós Yann-Ber Kalloc'h, Roparz Hemon, Anjela Duval, agus Per-Jakez Hélias.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

An Bhriotáinis
Vicipéid le fáil as An Bhriotáinis freisin
athraigh Teangacha Ceilteacha
canol
Teangacha Gaelacha
(Q-Cheilteach)
Teangacha Breatnacha
(P-Cheilteach)
canol canol canol canol canol canol
Gaeilge · Gaeilge Mhanann · Gaeilge na hAlban | Briotáinis · Coirnis · Breatnais
canol
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh