Teangacha Gaelacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Síolraíonn na teangacha Gaelacha ón tSean-Ghaeilge a labhraíodh in Éirinn, agus ba theanga scríofa í ón 8ú haois agus roimhe. Rinne Gaeil as Éirinn ruaigeanna, agus ina dhiaidh sin churadar fúthu in iardheisceart na hAlban. Thugadar an Ghaeilge leo, agus de réir a chéile ba í an Ghaeilge an gnáththeanga i gcuid is mó d'Albain go dtí an 17ú haois.

Bhí tiochar na Gaeilge go láidir freisin in Oileán Mhanann, agus cé gur cailleadh an cainteoir dúchais deiridh i nGaeilge Mhanann i lár an 20ú haois, tá daoine fós ag saothrú na teanga ar chúiseanna cultútha agus oidhreachta.

Sna sean-scríbhinní bhí an Gaedhealg mar fhoirm coitianta ar theanga dúchasach na hÉireann, ach bhí raidhse bealaí lena rá, maille le leaganacha eile. Féach tús an ailt Gaeilge. Ach leis an gcaighdeánú litriú agus gramadaí a rinneadh san am ar chuir rialtas Saorstát Éireann an cló Rómhánach ar an teanga, féachann ainmneachas na saghasanna Gaeilge, chomh maith le roinnt mhaith eile d´ábhar na dteanga, níos faide óna chéile.

Is iad na teangacha Gaelacha, agus ainm na teangan i dteanga na tíre féin á leanúint, ná:


athraigh Teangacha Ceilteacha
canol
Teangacha Gaelacha
(Q-Cheilteach)
Teangacha Breatnacha
(P-Cheilteach)
canol canol canol canol canol canol
Gaeilge · Gaeilge Mhanann · Gaeilge na hAlban | Briotáinis · Coirnis · Breatnais
canol
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh