Kemper

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suaitheantas Kemper
Ardeaglais Chorentin i gcathair Kemper
Sean-tithe leath adhmad i lár cathair Kemper

Is cathair agus chomh-phobal in iarthar na Briotáine í Kemper (Quimper as Fraincis, Corspotium as Laidin). Tá tuairim is 70,000 daoine ina gcónaí inti.

Suíomh[athraigh | edit source]

Tá an chathair suite i ngleann ina dtagann béal abhann an Odet agus an Steir le chéile gar do chósta thiar-theas na Briotáine agus is príomh-chathair Contae Penn-ar-Bed í. Tá sí 55km siar ó thuaidh ó An Orient, 172km siar ó Roazhon agus 485km siar ó dheas ó Pháras.

Tagann a h-ainm ón bhfocal Briotánach kembraeg (mar an gcéanna leis an bhfocal cumar as Gaeilge) ar ghabhal dhá ghleann.

Stair[athraigh | edit source]

Bhí baile ann in aimsir na Rómhánach agus ba shuíomh easpaig í sa bhliain 495. Glaotar Bro-Gerne (La Cornuaille as Fraincis) ar an réigiún mor-thimpeall Kemper mar gurb as Corn na Breataine muintir na háite a theith ó na Sacsanaigh i ndiaidh titim Impireacht na Róimhe sa 6ú haois.

Aontaíodh an deoise le Diúcacht na Briotáine san 11ú haois ach scriosadh Kemper le linn cogaidh cathartha na Fraince san 14ú aois agus ghabh Diúc Montfort í sa bhliain 1364.

I ndiaidh éirí amach tuathaigh Bro-Gerne sa bhliain 1490, thosaigh Kemper, i dteannta leis an gcuid eile den Bhriotáin, ag teacht faoi thionchar na Fraince. Tar éis pósadh an Bhan-Diúca Claude le Rí na Fraince sa bhliain 1518, bhí bunús dlíthiúil ag éileamh Tí Valois ar an mBriotáin. Aithníodh go forleathan é nuair a tháinig Henri IV Navarre i réim le bunú Tí Bourbon sa bhliain 1584 agus nuair a ghéill rialtas sealadach na Briotáine Mercouer don rí sa bhliain 1598.

Bunaíodh tionscail potadóireachta Faïence Quimper sa bhliain 1690. Rugadh René Laënnec, aireagóir an steiteascóip i gKemper sa bhliain 1781.

Aistríodh ainm an bhaile go Montagne-sur-Odet ar feadh tamaill bhig i ndiaidh réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789.

Tháinig an iarnród chuig an gcathair ar a slí go dtí calafort Douarnenz sa bhliain 1863. aontaíodh na ceithre chomhphobail (Kemper, Ergué-Armel, Kerfeunteun agus Penhars) sa bhliain 1960 chun mór-chathair Kemper a chruthú.

Radharcanna[athraigh | edit source]

Is í Ardeaglais ar stíl Gotach Naomh Chorentin (a ainmníodh i gcuimhne an chéad easpag Kemper) an radharc is cáiliúla i gKemper. Tógadh í idir an 13ú agus an 16ú aois. Tá a dá thúr 80m ar airde agus tógadh stuanna ar an mbeirt díobh sa 19ú aois. Bunaíodh Séipéal Locmara ar stíl Rómhánúil sa 11ú haois.

Tá sean-fhallaí an bhaile fós le feiscint gar do Sean-Phálás an Easpaig.

Tá cuma ar leith ar shean-bhaile Kemper agus tá a lán tithe leath-adhmad le feiscint fós ann. Tá fócas na cathrach dírithe freisin ar na céanna ar bhruach an Odet.

Cultúr[athraigh | edit source]

Tá bailiúcháin mór d'earraí ó shean-saol na Briotáine le feiscint in Iarsmalann Réigiúnach na Briotáine (Musée Departmental Breton) atá suite i Sean-Phalás an Easpaig.

Tá Iarsmalann na hEalaíona (Musée des Beaux Arts) in aice le Pálás an Easpaig, foirgneamh ón 19ú aois ina bhfuil bailiúcháin pictiúirí ón 14ú aois i leith. Ina measc, tá pictiúirí Bhoucher, Chorot, Oudey agus Rubens chomh maith le saothair scoil Pont-Aven ar nós Denis, Lacombe, Moufra agus Sérusior.

Cé ar abhann Odet

Tá an Bhriotáinis agus cultúr na Briotáine níos láidre i mBro-Gerne ná in aon limistéar eile. Bíonn Féile Rince Bhro-Gerne ar siúl i gKemper le linn seachtain deireanach Iúil gach bliain.

Is féidir obair an photaire cáiliúla Jean-Baptiste Bousquet le feiscint in Iarsmalann Faïence.

Nasc-Bhailte[athraigh | edit source]

Tá Kemper nascaithe le Luimneach na h-Éireann, Remscheid na Gearmáine, An Eaglais Bhreac na h-Alban agus Ourense na Spáinne.

1971 Stadtwappen der Kreisfreien Stadt Remscheid.png Remscheid Flag of Germany.svg An Ghearmáin
1980 Limerickcitycrest.png Luimneach Flag of Ireland.svg Éire
1990 Flag of Scotland.svg An Eaglais Bhreac Flag of Scotland.svg Alba
2000 Escudo Ourense.jpg Ourense, Ourense Flag of Spain.svg An Spáinn