Manannán mac Lir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Diacht mhara i miotaseolaíocht na nGael is ea Manannán mac Lir, mac na diachta Lir. Cé go bhfuil baint áirithe aige le Tuatha Dé Danann, cuireann roinnt scoláirí Manannán mac Lir i gcatagóir de dhéithe a théann níos faide siar. Pearsa mór i litríocht na hÉireann atá ann agus finscéalta na hAlban agus Mhanann chomh maith.

Luaitear Manannán mac Lir i gcuid mhaith de bhéaloideas na tíre - scéalta na Rúraíochta ach go háirithe - ach níl áit lárnach aige ach i roinnt bheag díobh.