Cúige Chonnacht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Connachta)
| Cúige Chonnacht | |
![]() |
|
| Achar: | 17,713.18 km² |
| Daonra: | 503,083 (2006) |
Tá Cúige Chonnacht nó Connachta in iarthar na hÉireann. Tá sé suite laistiar den tSionainn, an abhainn is mó sa tír. Tá lárphointe an chúige gar do Chnoc Mhuire, in oirthear Chontae Mhaigh Eo. Is é an Cnoc Maol Réidh (814m), i ndeisceart Chontae Mhaigh Eo, an sliabh is airde ann. Tá an t-oileán is mó sa tír, Acaill, ar an gcósta thiar. Nuair a bhí Cromail in Éirinn agus é ag díbirt na nGael siar, deirtear go ndúirt sé "go Connachta nó go hIfreann." Tá ceantair Gaeltachta i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo.
Cúige Chonnacht - Cúige Laighean - Cúige Mumhan - Cúige Uladh
