Inis (baile)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Inis)
Inis
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Clare Magnified.png
Daonra ( ) 24,253
Airde: 3 m
Contae: Contae an Chláir
Cúige: An Mhumhain

Príomhbhaile Chontae an Chláir in iarthar na hÉireann is ea Inis. Tá daonra thart ar 24,200 sa bhaile - de réir torthaí daonáirimh 2006. Ar inbhear na Sionna atá Inis, agus tá ceangal traenach idir í agus Luimneach. Tá aerfort idirnáisiúnta na Sionna suite timpeall 20 ciliméadar ón mbaile.

Sráid Uí Chonaill agus Ardeaglais Naomh Peadar agus Pól in Inis

Bíonn fleadh ceoil ar siúl sa bhaile gach bliain. Tá ospidéal ginearálta sa bhaile freisin, chomh maith le coláiste Fhlannáin, a bhí mar mheánscoil agus scoil cliarachais ag an eaglais Chaitliceach. Bhuaigh Inis gradam 'Tidy Towns le Gaeilge' na bliana 2008. Tá bunscoil gaeilge sa baile, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig