An tSionainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cúrsa na Sionainne.

Is í An tSionainn an abhainn is faide in Éirinn. Tá sí timpeall 400km ar fhad óna foinse i gContae an Chabháin, in Ulaidh go dtí go dtagann sí ar an Aigéan Atlantach idir Rinn Chiarraí i gContae Chiarraí agus Ceann Léime i gContae an Chláir. Tagann taoide ón bhfarraige tuairim is 100km i dtír suas chuig cathair Luimní.

Tábhacht Stairiúil[athraigh | edit source]

Ós rud é go roinneann sí formhór na hÉireann ina dhá chuid, tá tábhacht straitéiseach ar leith ag an Sionainn. Le linn riail na Sasanach, bhí garastúin móra i Luimneach agus in Áth Luain agus tá bearaicí míleata fós sna bailte sin.

Bhunaigh Naomh Ciarán an mhainistir Cheilteach is mó in Éirinn sa 7ú aois i gCluain Mhic nÓis (i gContae Uíbh Fhailí) idir Áth Luain agus Beannchor agus tá a h-iarsmaí fós le feiscint.

Bhunaigh na Lochlannaigh cathair Luimní timpeall na bliana 812 AD agus ba as a sheoladar nuair a bhíodar ag iarraidh a rial a leathnú níos domhaine i lár na hÉireann.

Fo-aibhne agus Locha[athraigh | edit source]

Tá trí loch mór i gcúrsa na habhann, Loch Ailinn, an Loch Riabhach agus Loch Deirg.

I measc na fo-abhainn a dtagann isteach inti óna bruach thiar, tá An tSuc (i gContae Ros Comáin) agus An Fheargas (i gContae an Chláir). Ón mbruach thoir, tagann An Inne (i gContae na hIarmhí), An Bhrosna (i gContae Uíbh Fhailí), An Mhaoilchéirn, An Mháig agus An Daoil (i gContae Luimnigh) agus an Fhéil (i gContae Chiarraí).

Cúrsa na hAbhann[athraigh | edit source]

Traonach

Ritheann an tSionna trí lár cothrom na hÉireann agus ní cailleann sí ach 6m d'airde idir Loch Ailinn agus Cill Dálua ar taobh theas Loch Deirg. Dá bhrí sin, is minic a bhíonn tuilte móra sa gheimhreadh ar bhruacha na h-abhann idir Cara Droma Rúisc agus Port Omna.

Sa limistéar idir Áth Luain agus Cluain Mhic Nois, na "Callows", ní bhíonn talamh na móinéir tirim go leor chun an féar a bhaint le meaisín go dtí lár an tsamhraidh agus, dá bhrí sin, is ann tearmann is mó an traonaigh ar mhórthír na hÉireann, éan le glao sainiúil a bhí an-choitianta sa tír tráth.

Tá an-chuid portaigh ar bhruachanna na Sionnainne i gContae an Longfoirt, Contae Ros Comáin, Contae Uíbh Fhailí agus Contae na hIarmhí. Bhíodh stáisiúin ginte móna i mBaile an Liag agus i nDroichead na Sionainne ach tá siad á dhúnadh anois.

Is fadhb mór é an uisce a ritheann ó na portaigh isteach sa tSionainn agus in a fo-aibhne. Nuair a thagann an abha isteach sna locha, titeann an smúit móna go dtí an grinneall agus tá a lán de bailithe anois ar thaobh thuaidh Loch Deirg.

Titeann an abha tuairim 65m d'airde idir Cill Dálua agus Luimneach a bhfuil gan ach 20km i bhfad óna chéile.

Bailte[athraigh | edit source]

Is í Luimneach (daonra 100,000) an chathair is mó ar bhruach na Sionainne agus, ag teacht aduaidh óna foinse, is iad Drom Seanbhó, Cara Droma Rúisc, Ruascaigh (Contae Liatroma), Tearmann Barra, Baile an Liag (Contae Ros Comáin), Cluain Dara (Contae an Longfoirt), Áth Luain (Contae na hIarmhí), Beannchor (Contae Uíbh Fhailí), Port Omna (Contae na Gaillimhe), Baile Uí Bheoláin, Scairbh, Cill Dálua, Droiched Uí Bhriain (Contae an Chláir), Drom Inbhir (Contae Thiobraid Árann) agus Caisleán Uí gConaig (Contae Luimnigh) na príomh-bhailte eile.

Caisleán an Rí Eoin agus Droichead Thumhan ar Abhann na Sionainne i gCathair Luimní

Ar Bhéal na Sionainne, tá Eas Géibhtine, Faing agus an Gleann (Contae Luimnigh) agus Tairbeart agus Béal Átha Longphoirt (Contae Chiarraí) suite ar an dtaobh theas agus Sionna, Caisleáin an Chláir, Baile na Cailleach, Leaba Síodach, Cill Íomair, Cill Rois agus Carraig an Chabhaltaigh (Contae an Chláir) ar an mbruach thuaidh.

Calafoirt, Aerfoirt agus Tionscal[athraigh | edit source]

Cuan doimhin atá i mBéal na Sionainne agus tá trí calafoirt ann, an príomhcheann í bhFaing i gContae Luimnigh, i gcathair Luimní agus i gCill Rois i gContae an Chláir. Ritheann bád farantóireachta trasna Bhéal na Sionainne idir Thairbeart agus Cill Íomair.

Aerfort na Sionna suite gar do Bhéal na Feargasa, a osclaíodh faoi rialtas Sheáin Lemass. Tógadh baile nua ar a hinbhear freisin, i Rinn Eanna, leis an ainm Baile na Sionna faoin rialtas céanna. Roimh oscailt an aerfoirt, ba as Faing a d'eitil báid eitilte trasna an Atlantaigh.

Tá aithne, chomh maith, uirthi ó scéim na Sionna. Sa bhliain 1929, osclaíodh stáisiún ginte cumhacht uisce in Ard na Croise, an chéad mhór-scéim innealltóireachta a thógadh tar éis baint amach saoirse na hÉireann. Gineadh éileamh uile leictreachais na tíre in Ard na Croise ó oscailt an stáisiúin suas go dtí blianta na caogaidí.

Calafort Faing ar bhruach theas Béal na Sionainne i gContae Luimnigh

Ar Bhéal na Sionainne i gContae Luimní idir Faing agus Eas Géibhtine, tá Alumina Eachinis, ceann des na scaglanna alumina is mó ar domhain. Idir Cill Rois agus Cill Íomair, tá an stáisiún ginte is mó in Éirinn.

Trácht agus Saoire[athraigh | edit source]

Iascaireacht[athraigh | edit source]

Tá clú fós ar an Sionna mar ionad iascaigh bradán, breac agus éisc garbha, go mór mór i mbailte ar nós Caisleán Uí gConaig (Contae Luimní), Droichead Uí Bhriain agus Cluain Lára (Contae an Chláir), Tearman Barra agus Baile an Liag (Contae Ros Comáin) agus Cara Droma Rúisc (Contae Liatroma).

Last-Iompar[athraigh | edit source]

Ba iad an tSionna agus a canálacha an príomhcheangal idir Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge agus bailte móra Lár-Thír na hÉireann on 18ú aois agus teacht an iarnróid tuairim na bliana 1845. Thóg an Chomhlucht Canáil Mhóir na hÉireann canáil idir Baile Átha Cliath agus Cuan na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí agus leathnaíodh an córas tríd an Sionna, Loch Deirg agus Canál an Abhainn Duibh síos go dtí Luimneach.

Tar éis tógáil an scéim ídre-leictreach, aistríodh an trácht idir Cill Dálua agus Luimneach ó Chanál an Abhainn Duibh go dti Canál Ard na Croise. Tá dhá chomhlán uisce móra i ndiaidh a chéile thart ar an stáisiúin ginte trínar féidir bád éirí nó ísliú 30m.

Trácht Saoire[athraigh | edit source]

Iarsma chaisleáin ar bhruach na Sionainne i gCluain Mhic Nois, Contae Uíbh Fhailí

Dúnadh an Canál Mór do last-iompar sa bhliain 1961 ach ath-osclaíodh córas Íochtar na Sionainne do thrácht saoire sa bhliain 2001 nuair a thógadh córas nua chomhlán uisce idir Abhann na Mainistreach agus an tSionainn i gcathair Luimní. Faoi láthair na huaire, tá na ceangail canálacha seo a leanas ó Luimneach ar chóras na Sionainne:

Tá pleananna ann chomh mhaith chun an córas a nascadh le córas na Banna trí ath-oscailt Canáil Uladh idir Loch Éirne Uachtar agus Loch n-Eachadh agus, dá bharr, bailte ar nós Cúl Raithin, Port an Dúnáin agus Muineachán a cheangailt le Luimneach.

Seoltóireacht[athraigh | edit source]

Ceaptar gurb i nDrom Inbhir ar bhruach Loch Deirg i gContae Thiobrad Árann a bhunaíodh an céad club seoltóireachta in Éirinn ar thús an 18ú aois. Tá clubanna eile anois ann i bhFaing, i gCill Rois, i gCill Dálua, i mBaile Uí Bheoláin, in Áth Luain, i gCara Droma Rúisc agus i mbailte eile ar bhruach na h-abhann.