Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Domhnach Míde[1] (Béarla: Donaghmede). Cruthaíodh an ceantar cónaithe le linn na 1970í, don chuid is mó as an bpíosa intíre de Bhaile Dúill agus le píosaí talún eile ón Chúlóg agus ó Rath Éanaigh. Tá lárionad siopadóireachta ann, chomh maith le fothrach séipéil stairiúíl Mainistir na Gráínsí. Tá an ceantar faoi dhlínse Chomhairle Cathrach Baile Átha Cliath.