Cathal Mac Coille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathal Mac Coille (ar dheis) le Aine Lawlor sa bhliain 2009

Craoltóir, iriseoir agus taighdeoir Éireannach is ea Cathal Mac Coille. Cuireann sé Morning Ireland i láthair ar RTÉ Raidió 1. Tá cuid mhór cláracha polaitíochta eile déanta aige chomh maith le hagallaimh le polaiteoirí clúiteacha. Bhíodh sé mar eagarthóir ar an iris Ghaeilge Éireannach Comhar agus ina fhreagraí polaitíochta leis an mbealach teilfíse Éireannach TG4. Iarmhac-léinn de chuid An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath é, áit a ndearna sé staidéar ar na dána.