RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Raidió na Gaeltachta)
Raidió na Gaeltachta
Ceantar craoladh Náisiúnta - Poblacht na hÉireann
Minicíocht 92.6-94.4, & 102.7 MHz
Raidió Digiteach
Céad-chraoladh 2 Aibreán 1972
Ceannaire Edel Ní Chuireáin
Formáid Gaeilge
Úinéir Radio Telefís Éireann
Suíomh Idirlíne www.rte.ie/rnag

Seirbhís lán-Ghaeilge raidió is ea RTÉ Raidió na Gaeltachta (nó go neamhfhoirmeáilte RnaG), a thosaigh ag craoladh ó Chasla, Conamara ar Dhomhnach Cásca, 1972. Cé gur ar phobail Ghaeltachta is mó a dhéanann sé freastal, tá an-líon éisteoirí aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá fáil ar an stáisiún ar fud Phoblacht na hÉireann ar an ard-mhinicíocht (FM), ar an meántonn sa Ghaeltacht fhéin, ar chóras satailíte ar fud na hEorpa, agus ar an idirlíon.

Is cuid den tseirbhís chraoltóireachta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta.

Tá trí phríomhstiúideo ag RnaG: Casla, Conamara; Bóthar na Léinsí, Corca Dhuibhne; Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, maille le slám stiúideonna beaga i nGaeltachtaí eile timpeall na hÉireann.

Ón bhliain 2000 amach tá an stáisiún ag craoladh 24 uair sa lá.

Mar spraoi, tugtar "Garraí Pheter William" ar ceanncheathrú Raidió na Gaeltachta go fóill i gcuimhne ar ainm na háite sular tógadh foirgneamh an stáisiúin.

Craoltar ar 92-94 agus ar 102.7 fm é ar oileán na hÉireann.

Craoltóirí[athraigh | edit source]

I measc na gcraoltóirí ata ag obair sa stáisiún tá Máirtín Tom Sheáinín agus Rónán Mac Aodha Bhuí.

Nasc seachtrach[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]