Éirí Amach 1641

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éirí Amach 1641
Cogadh na hAon-déag mBliana
Éirí Amach 1641

Bhí Sir James Butler i gceannas ar fhórsaí an rialtais, bunaithe i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1641..

Dáta: Deireadh Fómhair, 1641 - Bealtaine 1642, (7 mhí)
Áit: Éire
Toradh: Bunú Chónaidhm Chaitliceach na hÉireann agus tús curtha le Cogaí na Comhdhála 1642-1648
Céilí comhraic
Caitlicigh Éireannacha Ríocht Shasana, Ríocht Éireann agus Cúanantóirí Albanacha agus coilínigh Protastúnacha.
Ceannasaithe
Féilim Ó Néill,
Ruairí Ó Mórdha,
Donnchadh Mac Cárthaigh,
Conchúir Mag Uidhir agus daoine eile
William St Leger, James Butler, Charles Coote, Robert Monro (Cúanantóirí)
Slua
 ?  ?
Taismigh
 ?  ?

Thosaigh an tÉirí Amach 1641 mar iarracht ar coup d'état a chur i bhfeidhm. B'é mionuaisle de bhunadh Chaitlicigh na hÉireann a thionscain an reibiliún, agus rinneadh iarracht riarachán na Sasanach in Éirinn a urghabháil agus lamháltas a bhrú ar son na gCaitliceach a bhí ina gcónaí faoi riail Shasana. Mar sin féin, theip ar an éirí amach ach lean sé ar aghaidh mar choinbhleachti eitneach, idir Caitlicigh dúchasacha Gaelacha ar thaobh amháin, agus lonnaitheoirí Protastúnacha Sasanacha agus Albanacha ar an taobh eile. Chuir an eachtra tús leis an choimhlint a dtugtar Cogadh na hAon-déag mBliana air.

Thionscain imní mhór na gCaitliceach roimh ionradh i ngar ar Éireann, ag fórsaí frith-Chaitliceach ó Pharlaimint Fhada Shasana agus Cúanantóirí na hAlban, a bhí ag tabhairt dúshláin d'údarás an Rí Séarlas I Shasana. Ina dhiaidh sin, bhí amhras ag na reibiliúnaithe gur chabhraigh a gcomhlachas le Rí Shasana le tús a chur le Cogadh Cathartha Shasana. Dhiúltaigh Parlaimint Shasana agus na hAlban arm a bhailiú le haghaidh an reibiliúin a chur faoi chois, mura raibh sé faoina gceannasaíocht féin seachas an Rí.

Cuireadh tús leis an éirí amach in Éirinn i Deireadh Fómhair 1641 agus lean roinnt míonna d'anord foréigneach go dtí gur bhunaigh uasaicmí agus cléir na gCaitliceach Éireannach an Chónaidhm Chaitliceach i samhradh na bliana 1642. Rinneadh rialtas 'de facto' sa chuid is mó d'Éirinn as an Chónaidhm Chaitliceach, saor ó rialú an riarachán Sasanach agus comhlínithe go scaoilte ar thaobh na ríogaí i gCogaí an Triúr Ríocht. Lean an cogadh ar aghaidh ina dhiaidh sin in Éirinn go dtí na 1650í, nuair a chloígh go cinntitheach Arm Oilibhéar Cromail, an Modh-Arm Nua, Caitlicigh agus Ríogaí na hÉireann, agus d'athghabhadh an tír.==Údair== Teip an Stáit Shasanaigh in Éirinn scothaicme na nÉireannach dúchasach a chomhshamhlú, i ndiaidh concais Eilisigh agus na plandála a tháinig ina dhiaidh, ba chionsiocair leis na caismirte seo. Bhí daonra na hÉireann, roimh phlandáil Eilís roinnte de ghnáth ina Shean-Ghaeil agus ina Shean-Ghaill, nó sliocht na lonnaitheoirí Normannach de chuid sna meánaoiseanna. Bhí na grúpaí seo, i gcoimhlint go stairiúil, leis na gceantair ina raibh na Sasanaigh lonnaithe, mar shampla an Pháil timpeall Bhaile Átha Cliath, deisceart Loch Garman, agus bailte múrtha eile á neartaíodh i gcoinne na treibheanna tuaithe Gaelacha.

Mar sin féin, san seachtú haois déag, bhí an scoilt chultúrtha idir na grúpaí seo ag laghdú, go háirithe ag leibhéil sóisialta na scothaicme de. Go leor de thiarnaí na Sasanach, ní amháin go raibh Gaeilge acu, ach bhí tarraingt mhór fhorleathan acu ar fhilíocht agus cheol na nGael, agus cuireadh síos orthu dá bharr sin mar Hiberniores Hibernis ipsis (níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin). Bhí idirphósadh eataru coitianta go leor freisin. Thairis sin, i ndiaidh choncas na nEilíseach, sainmhíníodh an daonra dúchasach i dtéarmaí an chreidimh chomhchoitinn a bhí acu, traidisiún Caitliceach Rómhánach, idirdhealaithe ó Eaglais Anglacánach nua agus ón Eaglais Albanach de chuid na lonnaitheoirí, agus an riarachán Sasanach in Éirinn, a bhí Protastúnach (Eaglais na hÉireann) go hoifigiúil. I rith na fiche nó tríocha bliain idir deireadh na gcogaí Eilíseacha, sa bhliain 1603 agus tús troda éirí amach 1641, bhí seasamh polaitiúil na gCaitileach rachmasacha in Éirinn faoi bhagairt leanúnach ag rialtas na Sasanach in Éirinn.

Plandálacha[athraigh | edit source]

D'fág athghabháil na hÉireann, san 16ú agus sa luath 17ú haois, a lorg, ach go háirithe i gCúige Uladh agus i gCúige Mumhan, trí bhíthin na mórphlandálacha a bhí i bhfeidhm. Bhí oll-dhíshealbhaithe d'úinéirí talún Éireannacha, iad siúd a d'éirigh amach i gcoinne an choróin. Uaireanta díshealbhaíodh a n-oibrithe freisin, agus deonaíodh a gcuid talún ar choilínigh ó Shasana agus ó Albain. Bhí téarmaí na Plandála, go háirithe i gCúige Uladh, an-dhian ar an dhaonra dúchasach, agus ní raibh an ceart acu chun maoine nó chun talaimh a fháil ar cíos i limistéir na Plandála, nó freisin a bheith ag obair ar thalamh a bhí faoi úinéireacht ag lonnaitheoirí. B'é an éifeacht is mó a bhí ar seo ná díshealbhú na dtaoiseach Éireannach, mar shampla an Niallaigh agus na Domhnailligh, a theith na tíre i nImeacht na nIarlaí sa bhliain 1607. Dhíol tiarnaí Caitliceach eile, mar shampla Clann Aonghusa i gContae an Dúin, mór-chuid dá gcuid talún chuig lonnaitheoirí nua faoi na 1630í.

Fuair go leor de na 'Géanna Fiáine' nó 'deoraithe' (go háirithe Eoghan Rua Ó Néill) seirbhís mar ghallóglaigh nó shaighdiúirí tuarastail in airm na Spáinne agus na Fraince. Chuir siad pobal beag 'émigré' de chuid na hÉireann ar bun, a bhí naimhdeach go míleatach don stát in Éirinn, d'ar leo, a bhí i lámhaibh na bProtastúnach agus faoi smacht Shasana, ach chuir an dea-chaidreamh idir Sasana agus an Spáinn agus an Fhrainc i ndiaidh 1604 srian ar a dtioncar. In Éirinn féin, cé go raibh doicheall de bharr na plandála ar cheann de phríomhchúiseanna le ráig agus leathnú amach an éirí amach, fós féin, ba le Caitlicigh 60% de thalamh na tíre sa bhliain 1641.

Reiligiún[athraigh | edit source]

Ní raibh an chuid is mó d'uasailaicme Chaitliceach na hÉireann i gcoinne fhlaithi an rí Shéarlais I ar fud na hÉireann, i dtaca le idé-eolaíocht de, agus bhí fonn orthu beith ina ngéillsinigh iomlán san mhonarcacht thriarach ( Sasana , Albain , agus Éire ), ach seasamh oirirc s'acu i sochaí na hÉireann a choimeád. Cuireadh cosc orthu mar gheall ar dhá fhachtóir, ar an chéad dul síos a n-easaontach creidimh, agus sa dara háit an bhagairt a bheadh rompu ag éirí as síneadh na bPlandálacha. Tar éis gur theip ar Chomhcheilg an Phúdair sa bhliain 1605, giorraíodh cearta na gCaitliceach saibhir in Éireann go héagórach, mar nach raibh siad ar slí ar bith bainteach páirteach ar bith acu sa chomhcheilg.


Comhcheilg[athraigh | edit source]

Eacnamaíocht[athraigh | edit source]