Jorge Luis Borges

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJorge Luis Borges

(1951) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Jorge Francisco Isidoro Luis Borges Acevedo
24 Lúnasa 1899
Buenos Aires, An Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Meitheamh 1986
86 bliana d'aois
An Ghinéiv, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse an ae)
Áit adhlacthaCemetery of Kings (en) Aistrigh, D6 - 735 46°12′05″N 6°08′09″E / 46.2014°N 6.1358°E / 46.2014; 6.1358 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síCollège Calvin (–1918) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir, scríbhneoir, file, iriseoir tuairime, scríbhneoir scripte, leabharlannaí, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir aistí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Buenos Aires
Ollscoil Náisiúnta La Plata
Mariano Moreno National Library (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraFilíocht, gearrscéal agus aiste
Faoi thionchar
Ainm cleiteB. Suarez Lynch
H. Bustos Domecq Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis, Béarla, an Ghearmáinis agus an Spáinnis
Ealaíontóirí gaolmharaAdolfo Bioy Casares: Honorio Bustos Domecq (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileElsa Astete Millán (1967–1970)
María Kodama (1986–1986) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíConcepción Guerrero Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJorge Guillermo Borges Haslam  agus Leonor Acevedo Suárez
SiblínNorah Borges
Síniú

Veu de Jorge Luis Borges (an Spáinnis) Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0096566 Musicbrainz: 494e041d-9636-4ed1-8bce-776a0f67e181 Discogs: 910543 Find a Grave: 6280 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir scéalta fantaisíochta ón Airgintín ab ea Jorge Francisco Isidoro Luis Borges Acevedo, nó Jorge Luis Borges ( audio), mar a shínigh sé a chuid scéalta. Tháinig sé chun saoil i mBuenos Aires ar an 24 Lúnasa 1899, agus cailleadh sa Ghinéiv é ar an 14 Meitheamh 1986. Tógadh go dátheangach é le Béarla agus le Spáinnis araon. Sa bhliain 1914, d'aistrigh an teaghlach go dtí an Eilvéis, agus chuaigh sé ar scoil ansin. Ina dhiaidh sin, thug siad turas ar fud na Spáinne. D'fhill Borges go dtí an Airgintín sa bhliain 1921, agus ansin, thosaigh sé ag scríobh. Tháinig an chéad chúpla scéal leis i gcló ar irisí de chuid lucht leanúna an osréalachais. Chuaigh sé le leabharlannaíocht mar shlí bheatha. Nuair a tháinig Juan Perón i gcumhacht san Airgintín, b'éigean do Borges post an leabharlannaí a fhágáil agus cur suas le géarleanúint pholaitiúil. Bhí sé ábalta, áfach, léachtanna a thabhairt go poiblí.

Nuair a bhí sé ag druidim chun cnagaoise, chaill sé radharc a shúl de dheasca galar oidhreachtúil. Sa bhliain 1955, ceapadh ina stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hAirgintíne é, agus rinneadh Ollamh le Litríocht de in Ollscoil Buenos Aires. Sa bhliain 1961, bhain sé amach clú agus cáil ar fud an domhain, nuair a bronnadh Prix Formentor, duais idirnáisiúnta na bhfoilsitheoirí, air. Ansin, cuireadh a lán teangacha ar a chuid saothar, agus foilsíodh iad sna Stáit Aontaithe agus ar fud na hEorpa.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]