Rudyard Kipling
| Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Ranna, stíl, MOS, gram(?) Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
| Joseph Rudyard Kipling | |
| Grianghraf ó 1914 | |
| Dáta breithe | 30 Nollaig, 1865 |
| Bombay, an India | |
| Dáta báis | 18 Eanáir, 1936 |
| Londain, Sasana | |
| Náisiúntacht | Briotanach |
| Gairm | Géarscéalaí, úrscéalaí, file, iriseoir |
| Seánra | Gearrscéalta, úrscéalta, litriocht do pháistí, filíocht, litríocht taistil, ficsean eolaíochta |
| Duaiseanna | Duais Nobel (1907) |
Géarscéalaí, file, agus úrscéalaí Sasanach ab ea é Joseph Rudyard Kipling (30ú Nollaig, 1865 - 18ú Eanáir, 1936) a bhfuil a scéalta cuimhnithe go príomha dá bharr chéiliúradh impiriúlachais na Breataine dá chuid, scéalta agus dánta de shaighdiúirí na Breataine san India, agus a scéalta le haghaidh páistí. Fuair Kipling an Duais Nobel um Litríocht sa bhliain 1907. Rugadh i Bombay, an India Bhriotanach é, agus seoladh ar ais go dtí Sasana é agus é 5 bhliana d'aois. Tháinig an clú is mó ar Kipling dá shaothair ficsean The Jungle Book (sraith scéalta a bhfuil 'Rikki-Tikki-Tavi' mar cheann acu), Kim (scéal tinrimh), neart gearrscéalta mar 'The Man Who Would Be King', agus a chuid dánta, mar Mandalay, Gunga Din, agus If—. Tá Kipling aitheanta go mór mar 'nuálaí in ealaín an ghéarscéil'; tá a chuid leabhair pháistí mar buanchlasaicí na litríochta do pháistí.
[athraigh] Aois an pháiste agus saol óg
Rugadh Rudyard Kipling ar 30ú Nollaig, 1865 i Mumbai, san India Bhriotanach do Alice Kipling (née MacDonald) agus John Lockwood Kipling. Chas an bheirt acu ag Loch Rudyard in Rudyard, Staffordhire, Sasana agus thosaigh siad ag suirí. Bhí siad chomh tógtha sin leis an áilleacht de chuid na háite gur thug siad an t-ainm féin dá gcéadghin dá réir sin. Dhá bhliain i ndiaidh sin, sa bhliain a rugadh Rudyard, d'aistrigh siad go dtí an India.