Lewis Carroll
| Charles Lutwidge Dodgson | |
| Féinphortráid | |
| Dáta breithe | 27 Eanáir, 1832 |
| Cheshire, Sasana | |
| Dáta báis | 14 Eanáir, 1898 |
| Guildford, Surrey, Sasana | |
| Ainm cleite | Lewis Carroll |
| Náisiúntacht | Sasanach |
| Gairm | Matamaiticeoir, údar, eaglaiseach, grianghrafadóir |
| Seánra | Fantaisíocht, litríocht do pháistí, filíocht |
Ba údar Sasanach é Charles Lutwidge Dodgson a d'úsáid an t-ainm cleite Lewis Carroll (27 Eanáir, 1832 – 14 Eanáir, 1898). Chomh maith lena chuid leabhair cháiliúla, ba matamaiticeoir, loighiceoir, grianghrafadóir agus ball den chléir Anglacánach é.
Tá cáil ar leith ag dhá úrscéal a scríobh sé do pháistí - Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus a leabhar leantach Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi. Tá cáil freisin ar na dánta The Hunting of the Snark agus Jabberwocky.
Bhí scil ar leith aige ag imirt le focail, an loighic, agus an fantaisíocht agus dá bhárr tá lucht leanúna aige i measc na n-óg agus sa lucht léann. Chomh maith leis sin, tá a chuid oibre neadaithe sa chultúr nuaaimseartha. Tá cumainn bunaithe ar fud an domhain a bhaineann sásamh as a chuid oibre agus len iad a chuir chun cinn.