Václav Havel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVáclav Havel

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Deireadh Fómhair 1936
Prág (An tSeicslóvaic)
Bás18 Nollaig 2011
75 bliana d'aois
Hrádeček, Poblacht na Seice Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh riospráide)
Áit adhlacthaVinohrady Cemetery (en) Aistrigh (2012–) Cuir in eagar ar Wikidata
1 Uachtarán Phoblacht na Seice
2 Feabhra 1993 – 2 Feabhra 2003
← luach ar iarraidh – Václav Klaus →
Uachtarán na Seicslóvaice
29 Nollaig 1989 – 20 Iúil 1992
← Gustáv HusákDeireadh an phoist →
Urlabhraí Chairt 77
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceach neamhchleachtach
Scoil a d'fhreastail sé/síCzech Technical University in Prague (en) Aistrigh (1955–1957)
Faculty of Theatre, Academy of Performing Arts in Prague (en) Aistrigh
Akademické gymnázium Štěpánská (en) Aistrigh (–1955) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheU dejvického rybníčku (en) Aistrigh
Rašínovo nábřeží 78 (en) Aistrigh
Rašínovo nábřeží 78 (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan tSeicis
Gníomhaíocht
Réimse oibreAmharclannaíocht, drámaíocht, iriseoireacht tuairimíochta agus polaitíocht
Gairmscríbhneoir, gníomhaí ar son chearta an duine, easaontach, scríbhneoir aistí, fealsamh, stiúrthóir scannán, stiúrthóir, file, drámadóir, polaiteoir, iriseoir tuairime Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirDivadlo Na zábradlí (en) Aistrigh (1960–1968)
University of Chemistry and Technology (en) Aistrigh (1951–1955)
Divadlo ABC (en) Aistrigh
Divadlo satiry (en) Aistrigh
Театр «У Новака» (en) Aistrigh
Osvobozené divadlo (en) Aistrigh
Brewery Krakonoš (en) Aistrigh
Divadlo státního filmu (en) Aistrigh
City Theatres of Prague (en) Aistrigh
Divadlo V + W (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaCivic Forum (en) Aistrigh (1989–1991) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn tSeicis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileOlga Havlová (1964–1996), bás a c(h)éile
Dagmar Havlová (1997–2011), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairVáclav Maria Havel  agus Božena Vavrečková
SiblínIvan M. Havel
Duine muintearthaDagmar Havlová (deirfiúr chéile)
Hugo Vavrečka (seanathair)
Vácslav Havel (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
9 Nollaig 1997Václav Havel's speech at the Rudolfinum in 1997 (en) Aistrigh (Dvořák Hall (en) Aistrigh)
prisoner of conscience (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinvaclavhavel.cz Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0369730 IBDB: 408781
Musicbrainz: db4d9427-7fa9-4927-a5a4-f8b306c87d5c Discogs: 802365 Find a Grave: 82101984 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba dhrámadóir, scríbhneoir agus polaiteoir Seiceach é Václav Havel ([ˈvaːtslaf ˈɦavɛl]). Ba eisean uachtarán deireanach na Seicsclóvaice agus céad uachtarán Phoblacht na Seice. Scríobh sé breis is fiche dráma agus iliomad de shaothair neamhfhicsin. Bhí sé gníomhach i bpolaitíocht na Seicslóvaice ó na 1960í ar aghaidh, go háirithe tar éis Earrach Phrág 1968. Chaith sé tréimhsí i bpríosún. Tar éis Réabhlóid na Veilbhite 1989 ceapadh Havel ina uachtarán, ról inar fhan sé go ceann trí bliana déag. Ba faoina uachtaránacht a cuireadh daonlathas ilpháirtí i bhfeidhm sa tír. Fuair sé bás ar 18 Nollaig 2011.

Luath-thréimhse a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Václav Havel 5 Deireadh Fómhair 1936 i bPrág. Fiontraithe agus intleachtóirí ba iad a mhuintir agus bhí dlúthpháirt acu i saol na Seicslóvaice ó na 1920í go dtí na 1940í. B’úinéir tálún é a athair agus ba de theaghlach cáiliúil í a mháthair a raibh a hathair ise ina ambasadóir agus iriseoir. Mar gheall ar an chúlra “buirgéiseach” seo, chuir an rialtas cumannach bac ar Havel dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh oideachais de. Tar éis a scolaíocht éigeantach a bheith curtha de aige i 1951, bhí air printíseacht a dhéanamh, ach d’fhreastail sé ar ranganna oíche ag an am céanna chun a oideachas meánscoile a chríochnú. Bhí cosc air staidéar a dhéanamh ar aon ollscoil a raibh clár sa léann daonna aici; mar sin, shocraigh Havel dul i mbun staidéar na heacnamaíochta ag Institiúid Teicneolaíochta Phrág (České vysoké učení technické).

Drámadóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Václav Havel (ar dheis) leis a fhile Meiriceánach Hedwig Gorski (ar chlé)

Tar éis a sheirbhíse san arm (ó 1957 go 1959 – bhí an tseirbhís mhíleata éigeantach), thosaigh Havel ag obair mar ghiolla stáitse in Divadlo na zábradlí (“amharclann ar an staighre”) agus rinne staidéar ar an drámaíocht go cianda ag Acadamh na dTaibh-Ealaíon (Akademie múzických umění) i bPrág. Thosaigh sé ag scríobh drámaí. Ba é Zahradní slavnost (“cóisir gharraí”) an chéad dráma aige agus cuireadh ar stáitse i 1963 é. Tháinig drámaí eile ina dhiaidh: Vyrozumění (“an meamram”, 1965) agus Ztížená možnost soustředění (“lagachar intinne”, 1968). Tharraing na drámaí seo clú agus cáil air go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta fiú tar éis do Vyrozumění a bheith curtha ar stáitse i Nua-Eabhrac sa bhliain 1968. Tar éis eachtraí 1968 cuireadh cosc ar dhrámaí Havel mar gheall ar ghníomhaíochtaí polaitiúla an drámadóra, ach lean compántais rúnda á gcur ar stáitse, gan fhios do na húdaráis.

Easaontóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Václav Havel (ar dheis) agus Karol Sidon (ar chlé)

Sa bhliain 1968 rinne fórsaí na dtíortha cumannacha ionradh ar na tSeicslóvaic chun stop a chur le hEarrach Phrág, togra a bhí ar siúl chun réimeas níos liobrálaí a chur ar bun sa tír. Le linn sheachtainí tosaigh an ionraidh rinne Havel tráchtaireacht ar na heachtraí ar an raidió, rud a d’fhág gur chuir na húdaráis cosc ar a chuid drámaí tar éis Earrach Phrág a bheith curtha faoi chois acu. B’éigean do Havel an amharclann a fhágáil agus post a ghlacadh mar oibrí láimhe i ngrúdlann. Scríobh sé dráma faoina sheal sa ghrúdlann dar teideal Audience (“an éisteacht”). Scaipeadh an dráma seo, agus cinn eile ina dhiaidh, ar fud na tíre i bhfoirm samizdat (foilseachán mídhleathach). Thug drámaí de chuid Havel léargas ar a áiféisí a bhí an saol faoin réimeas cumannach.

Sa bhreis ar a bheith ag scríobh drámaí, bhí Havel gníomhach go polaitiúil. Sa bhliain 1977, bhí sé ar dhuine de lucht bunaithe Cairt 77, feachtas ar son cearta sibhialta a d’eascair as litir oscailte a scríobh Havel chuig Uachtarán na Seicslóvaice dhá bhliain roimhe. Sa bhliain 1978 chuidigh sé le bunú Výbor na obranu nespravedlivě stíhaných (“coiste um chosaint iad siúd faoi ghéarleanúint”). Chaith sé tréimhsí éagsúla i bpríosún mar gheall ar na gníomhaíochtaí seo. Bhí iomlán de chúig bliana caite i bpríosún aige faoi dheireadh thréimhse an chumannachais. Rinne sé cuntas ar cheann dá shealanna i bpríosún sa leabhar Dopisy Olze (“litreacha chuig Olga”), leabhar ar bailiúchán é de litreacha chuig a bhean chéile.

Sa bhliain 1989 agus Réabhlóid na Veilbhite ar siúl sa tSeicslóvaic, bhí Havel ina cheannaire ar Občanské fórum (“fóram na saoránach”), eagraíocht a rinne idirbheartaíocht leis an rialtas agus a chuir deireadh le riail na gcumannach sa tSeicslóvaic. Toghadh ina uachtarán ar an tír go gairid ina dhiaidh é.

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Casadh íorónta a bhí ann i saol Václav Havel nuair a toghadh ina uachtarán é. Mhaígh Havel roimhe sin nár theastaigh oifig pholaitiúil uaidh. Ina ainneoin sin, chaith sé téarma amháin mar Uachtarán na Seicslóvaice (1990 – 1992) agus dhá théarma mar Uachtarán Phoblacht na Seice (1993 – 2003).

Bhí Havel i bhfabhar an tSeicslóvaic a bheith ina stát amháin, ach níor éirigh leis a thuairim a chur ina luí ar bhrúghrúpaí na Slóvacach agus scoilteadh an tír ina dhá thír neamhspleácha ag deireadh na bliana 1992, Poblacht na Seice agus an tSlóvaic.

Havel sna blianta iar-uachtaránachta

I measc na n-éachtaí ba thábhachtaí a d’éirigh le Havel a bhaint amach le linn a uachtaránachta tá Comhaontú Vársá a scor (eagraíocht mhíleata na dtíortha cumannacha ab ea Comhaontú Vársá), imeacht shaighdiúirí an Aontais Shóivéadaigh as an tSeicslóvaic (bhí fórsaí Sóivéadacha lonnaithe sa tSeicslóvaic ó 1968 agus níor imigh go hiomlán go deireadh 1990) agus glacadh na dtíortha iarchumannacha mar bhaill NATO i 1999.

Fuarthas amach i 1996 go bhfuil ailse scamhóg ar Havel. D’éirigh sé as an tobac dá bharr. Sa bhliain chéanna fuair a bhean chéile Olga bás le hailse. Bhí gean ag an phobal uirthi agus chothaigh Havel conspóid nuair a phós sé ban-aisteoir óg, Dagmar Veškrnová, taobh istigh de bhliain.

Iar-Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Václav Klaus a tháinig i gcomharbacht ar Václav Havel mar uachtarán sa bhliain 2003. Níorbh fhéidir le Havel seasamh le haghaidh uachtaránachta a thuilleadh tar éis dhá théarma a bheith caite san oifig aige. Ó shin i leith, tá sé tar éis filleadh ar an scríbhneoireacht. Chaith sé tréimhse mar scríbhneoir cónaitheach ag Ollscoil Columbia sa bhliain 2006. I measc saothair eile, scríobh sé dráma dírbheathaisnéiseach dar teideal Odcházení (“an t-imeacht”) agus leabhar cuimhní cinn dar teideal Prosím stručně (“go hachomair, le bhur dtoil” – foilsithe i mBéarla faoin teideal To the Castle and Back).

Fuair sé bás ar 18 Nollaig 2011.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]