John Banville

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Banville
Dáta breithe 8 Nollaig, 1945
  Loch Garman, Éire
Ainm cleite Benjamin Black
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Úrscéalaí, drámadóir, iriseoir
Duaiseanna Booker (2005)

Scríbhneoir, úrscéalaí agus scriptscríbhneoir de chuid na hÉireann é John Banville (rugadh i Loch Garman ar 8 Nollaig 1945). Bronnadh an Duais Man Booker ar Banville as an 18ú húrscéal aige, The Sea, agus an Duais Franz Kafka i mí Bealtaine, 2011. Scríobhann sé coirfhicsean faoin ainm cleite Benjamin Black.

Saol[athraigh | edit source]

Tógadh i Loch Garman é, áit ar fhreastal sé ar mheánscoil Naomh Peadar. B'é an duine ba óige de thriúr é. An chéad phost a bhí aige ná mar oifigeach chléireach le hAer Lingus agus thapaidh sé an deis neart taistil a dhéanamh. Bhí cónaí air sna Stáit Aontaithe Mheiriceá i rith an bhliain 1968-9 sular fhill sé ar Éirinn. Earcú é mar fhotheagrathóir ar an nuachtáin The Irish Press. I rith an tréimhse seo is ea a chur sé peann le pár agus a fhoilsíodh an chuid is túisce dá shaothar. D'obair sé leis The Irish Times freisin sular luí sé isteach go lánaimseartha leis an scríobh cruthaíoch. Bhí sé ina bhall de Aosdána ar feadh seal sular éirigh sé as, le deis a thabhairt do ealaíontóir éigean eile. Ó am go chéile scríobhann sé faoin ainm chleite Benjamin Black.

Saothar[athraigh | edit source]

Stíl[athraigh | edit source]

Deirtear gur saor fhocail den scoth sa Bhéarla é Banville. De ghnáth is cuir síos ar saol fear scothaosta, a bhíonn idir lámha aige agus an fear ag breathnú siar ar a shaol atá casta ag eachtra tábhachtach a mhúnlaíonn a shaol is a dhearcadh. Tá réalachas, neamhréalachas, fírinne, bréaga agus samhlaíocht fite fúite le chéile go minic sa chaoi nach bhfuil tuiscint dearfa ar a bhfuil ar siúl ag an léitheoir.

Úrscéalta[athraigh | edit source]

  • Long Lankin (1970; ed.1984)
  • Nightspawn (1971)
  • Birchwood (1973)
  • Doctor Copernicus: A Novel (1976)
  • Kepler, a Novel (1981)
  • The Newton Letter: An Interlude (1982)
  • Mefisto (1986)
  • The Book of Evidence (1989)
  • Ghosts (1993)
  • Athena: A Novel (1995)
  • The Ark (1996) (260 cóip foilsithe)
  • The Untouchable (1997)
  • God's Gift: A Version of Amphitryon by Heinrich von Kleist (2000)
  • Eclipse (2000)
  • Shroud (2002)
  • Prague Pictures: Portrait Of A City (2003)
  • The Sea (2005)
  • Love In The Wars (Oiriuniú de Heinrich von Kleist's Penthesilea, 2005)

Drámaí[athraigh | edit source]

  • The Broken Jug: After Heinrich von Kleist (1994)
  • Seachange (Chuirthe ar stáitse i 1994 sa Focus Theatre, Baile Átha Cliath; neamhfhoilsithe)
  • Dublin 1742 (Chuirthe ar stáitse i 2002 san Ark, Baile Átha Cliath; Dráma le haghaidh déagóirí, neamhfhoilsithe)

Mar "Benjamin Black"[athraigh | edit source]

  • Christine Falls (2006)
  • The Silver Swan (2007)
  • The Lemur (2008. Foilsithe mar shraith san New York Times)

Duaiseanna[athraigh | edit source]

Bliain Duais le haghaidh
1976 James Tait Black Memorial Prize Doctor Copernicus
1981 Guardian Fiction Prize Kepler
Allied Irish Bank Fiction Prize
American-Irish Foundation Award Birchwood
1989 Guinness Peat Aviation Award The Book of Evidence
1989 Booker Prize (shortlisted) The Book of Evidence
2005 Booker Prize The Sea
2006 Irish Book Awards Novel of the Year The Sea