Marcel Duchamp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péintéir a rugadh i mBlainville na Fraince ab ea Marcel Duchamp (1887-1968). Bhain sé le cuid mhaith de na gluaiseachtaí nua-aoiseacha, le Ciúbachas is Todhchaíochas, agus bhí ina cheannródaí sa Dadachas. D'oibrigh sé ar feadh 8 mbliain ar a shárshaothar La mariée mise à nu par ses célibataires, même (An Bhrídeog Nochtaithe ag a Cuid Baitsiléirí, Fiú, 1915-1923).