Dadachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gluaiseacht nua-aoiseach san ealaín a bunaíodh i Zürich i 1916. Bhí spiorad na céille ceannaithe maidir leis an gcéad cogadh domhanda le brath air, agus chuir na Dadaigh i gcoinne an chogaidh is luachanna traidisiúnta sna healaíona. Chleachtaigh siad beartaíochtaí turrainge. Roghnaíodh an t-ainm go randamach i bhfoclóir. I measc na mbunaitheoirí bhí an file Tristan Tzara (1896-1963) is an t-ealaíontóir Jean Arp, agus i measc na gcuiditheoirí bhí Duchamp (saothar cáiliúil Dadach uaidh ab ea Fountain (Scairdeán, 1917), fualán poircealláin), Ernst, Picabia is Ray. Bhí tionchar ag an Dadachas ar na hOsréalaithe, agus mhúscail glúin nua ealaíontóirí an bheartaíocht turrainge sna 1960idí.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dadachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 197.