Ciúbachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba é a bhí i gceist le Ciúbachas ná gluaiseacht phéintéireachta de chuid na Fraince a thosaigh go gairid tar éis bhás Paul Cézanne i 1906 agus ar a raibh buaicphointe idir na blianta 19061914. Ba thúsphointe ag an gCiúbachas moladh Cézanne do pheintéir óg féachaint ar an dúlra i dtéarmaí sféar, cón agus sorcóirí.

Clair de lune - Jeanne Rij-Rousseau - 1920

Tá tionchar Cézanne le féiceáil ar dtús ar shaothar Pablo Picasso (1881-1973) agus Georges Braque (18821963) a d'oibrigh le chéile chun an córas nua a bhunú. Tá an tionchar céanna le feiceáil freisin níos deireannaí ar ealaíontóirí eile ar nós Delaunay, Villon agus Gris a bhí ar imeall na gluaiseachta. Tháinig an spéis i gcuma athraíoch dromchlaí ón Impriseanachas ach go bunúsach ba mhó riamh a bhí an Ciúbachas ina ghluaiseacht intleachtúil ná an Impriseanachas. Shíl go leor ealaíontóirí go raibh an Ciúbachas i dtiúin leis an eolaíocht agus leis an innealtóireacht agus gur ann a bhí an t-aon stíl chun timpeallacht na nua-aoise a chur i bpictiúir.