Pablo Picasso

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pablo Picasso
Pablo picasso 1.jpg
Picasso sa bhliain 1962
Dáta breithe 25 Deireadh Fómhair, 1881
  Málaga, An Spáinn
Dáta báis 8 Aibreán, 1973
  Mougins, An Fhrainc
Náisiúntacht Spáinneach
Gairm Ealaíontóir, péintéir, déantóir priontaí, dealbhóir, déantóir ceirmigh
Síniú
Picasso Signatur-DuMont 1977.svg

Ba phéintéir Spáinneach é Pablo Picasso, go foirmiúil Pablo Ruiz Picasso, (25 Deireadh Fómhair, 18818 Aibreán, 1973). Bhí sé i measc máistrí ealaíne an 20ú haois, an cháil sin bainte amach aige mar ba bhunaitheoir, in éineacht le Georges Braque, den ghluaiseacht Ciúbachas é.

Bhí sé i measc máistrí ealaíne an 20ú haois. Tá cáil ar an gcathair Gernika (sa Spáinn) mar gheall ar an bpictiúr a pheinteáil Picasso i 1937 den aerbhuamáil an Léigiúin Condor den Luftwaffe ar a gcathair le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.

Rugadh é i Málaga i réigiún Andalucía. Bhí a athair Don José Ruiz y Blasco (1838–1913) ina phéintéir, go háirithe i dtaobh ainmhí an nadúr, chomh maith leis sin bhí sé ina mháistir sa scoil ceardaíochta agus ina choimeadaí ar an iarsmalann aitiúil.

Bhog a chlann go A Coruña sa bhliain 1891, ionas go mbeadh Ruiz in ann obair sa scoil ealaíne ansin. Uair amháin chonaic Ruiz Pablo ag déanamh péintéireachta agus cheap sé go raibh teicnic Pablo níos fearr agus gheall sé go stopfadh sé féin.

I ndiaidh bás deirfiúr Pablo bhog siad go Barcelona.

Dealbh gan teideal le Picasso, Chicago, 1967