Cumann Rugbaí na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Rugbaí na hÉireann
(en) Irish Rugby Football Union
(ga) Cumann Rugbaí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálrugby union governing body (en) Aistrigh Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Ghaeilge agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1879
Gníomhaíocht
SpórtRugbaí Aontais Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar oibriúcháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deWorld Rugby (en) Aistrigh (1886–)
Rugby Europe (1999–) Cuir in eagar ar Wikidata
TrealamhCanterbury of New Zealand (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht60,000 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Uimhir teileafón+353-1-647-3800 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinirishrugby.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Cumann Rugbaí na hÉireann (Irish Rugby Football UnionIRFU as Béarla) an eagraíocht a rialaíonn rugbaí in Éirinn - Poblacht agus Tuaisceart. Tá ceannoifig Chumann Rugbaí na hÉireann lonnaithe ag 10/12 Bóthar Lansdún, Droichead na Dothra i mBaile Átha Cliath.[1]

19 Feabhra 1875. D'imir Éire cluiche idirnáisiúnta rugbaí don chéad uair riamh[2]

Cluiche rugbaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cluiche fisiciúil an rugbaí. Tá an-tóir ar rugbaí in Éirinn. Maireann cluichí rugbaí ochtó nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead nóiméad.[3] Tá cúig imreoir déag ar fhoireann rugbaí.[3] Tá seacht n-ionadach ar fáil gach cluiche.[3] Caithfidh an fhoireann na pointí is mó a scóráil chun an cluiche a bhuachan. Tá an pháirc rugbaí 100 méadar agus tá sé seachtó mhéadar ar leithead.[3] Is féidir pointí a scóráil ceithre bhealach éagsúla:

  1. Cic slánaithe - is cic saor é seo. Má fhaigheann an t-imreoir pionós agus má éiríonn leo gheobhaidh siad trí phointe.[3]
  2. Preabchúl - Tarlaíonn sé seo nuair a thosaíonn an t-imreoir an liathróid rugbaí as a lámh.[3]
  3. Úd - Tarlaíonn sé seo nuair a chuireann an t-imreoir rugbaí an liathróid taobh thiar den líne chúil.[3]
  4. Cic pionóis - bronntar trí phointe ar fhoireann má scórálann siad cic pionóis.[3]
Staid Aviva

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunú an Chumainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an chéad Chlub Peile Rugbaí in Éirinn sa bhliain 1854.[4] Is é Club Peile Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Béarla: Dublin University Football Club) an t-ainm agus bunaíodh é i gColáiste na Tríonóide.[5] D'fhoghlaim mic léinn ón ollscoil seo faoi rugbaí den chéad uair má d’fhreastail siad ar scoileanna poiblí Béarla.[4] Bunaíodh ocht bhfoireann rugbaí eile sa 19ú haois.[4]

  1. Club Peile Wanderers (Béarla: Wanderers Football Club) - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1869.[4]
  2. Club Peile Lansdún (Béarla: Lansdown Football Club)[6] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1872.[4]
  3. Club Peile Chontae Cheatharlach (Béarla: County Carlow Football Club)[7]- Bunaíodh an club seo sa bhliain 1873.[4]
  4. Club Peile Rugbaí Dhún Geanainn (Béarla: Dungannon Rugby Football Club)[8] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1873.[4]
  5. Club Rugbaí Bheal Átha na Sluaige (Béarla: Ballinasloe Rugby Club)[9] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1875.[4]
  6. Club Peile Thuaisceart na hÉireann (Béarla: North of Ireland Football Club)[10] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1868.[4]
  7. Club Peile Rugbaí Ollscoil na Banríona - (Béarla: Queen's University Rugby Football Club)[11] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1869.[4]
  8. Club Peile Rugbaí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (Béarla: University College Cork Rugby Football Club)[12] - Bunaíodh an club seo sa bhliain 1872.[4]

Ó 1874 go 1879 bhí dhá chumainn rugbaí in Éirinn. Bhí Cumann Peile na hÉireann i gceannas ar chlubanna i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan agus cuid den gCúige Uladh.[4] Bhí Cumann Peile Thuaisceart na hÉireann i gceannas ar chlubanna i mBéal Feirste.[4]

Imríodh an chéad chluiche idirnáisiúnta in Éirinn i gcoinne Shasana ar 19 Feabhra 1875.[13] Bhí dhá imreoir déag as Cúige Laighean agus ochtar imreoirí as Cúige Uladh ar an bhfoireann.[4]

Sa bhliain 1879, tugadh na cumainn i gceann a chéile in aon chumann amháin agus bunaíodh Cumann Rugbaí na hÉireann ar an cúigiú lá de mhí Feabhra sa bhliain 1879.[4] Ag an am seo, chuaigh Cúige Uladh, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan isteach i gCumann rugbaí na hÉireann.

Bhí an cruinniú seo ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[14] Ag an gcruinniú seo bhí W.C. Neville, J.G. Cronyn agus W.J. Goulding i láthair.[14] Is duine tábhachtach é W.C Neville mar bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann agus níos déanaí toghadh ina huachtarán ar an gCumann Rugbaí na hÉireann.[14]

Cuspóirí an Chumainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag an gcruinniú tháinig an dá chumann ar chomhaontú.[14] De réir théarmaí an chomhaontaithe:

  1. Chruthófaí Cumann Peile Rugbaí na hÉireann don tír ar fad.[14]
  2. Bhunófaí foirne Rugbaí i gCúige Laighean, Cúige Uladh agus Cúige Mumhan.[14]
  3. Bhunófaí Coiste de Chumann Rugbaí na hÉireann. Bheadh ​​seisear ball as gach cúige ar an gcoiste.[14]

Sa bhliain 1885, chuaigh sé fhoireann is fiche (as gach cearn d'Éirinn) isteach i gCumann Rugbaí na hÉireann.[4] Tháinig deich bhfoireann as Cúige Uladh. Tháinig naoi bhfoireann as Cúige Laighean. Tháinig seacht bhfoireann as Cúige Mumhan.[4] Bunaíodh an fhoireann Chonnacht sa bhliain 1885.

Coiste Chumann Rugbaí na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar gach club rugbaí in Éirinn.[15] Ba é Diúc Abercorn an chéad Uachatarán an chumainn sa bhliain 1874.[16]

Páirc rugbaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Staid Bóthar Lansdún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Staid Aviva

Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid sa bhliain 1872.[17] Bhí an staid suite i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath.[17] Ba é an staid idirnáisiúnta is sine ar domhan é. Imríodh comórtais spóirt éagsúla sa staid seo. Tharla an chéad chluiche rugbaí sa bhliain 1876.[17] D’imir foireann Laighean agus foireann Uladh sa chluiche seo.

D'imir Éire i gCorn an Domhain sa Rugbaí den chéad uair sa bhliain 1991.[17] Leagadh an staid sa bhliain 2007.[17] Cuireadh Staid Aviva in ionad Staid Bóthar Lansdún.[17]

Staid Aviva[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[18] Tá áit sa staid do 50,000 duine.[18] Tá an staid faoi chomhúinéireacht ag Cumann Rugbaí na hÉireann agus ag Cumann Peile na hÉireann.[18] Is staid idirnáisiúnta é. Imríonn foireann sacair na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann sa staid seo.[18] Imríodh an chéad chluiche rugbaí sa staid ar an Satharn, an seachtú lá de Lúnasa sa bhliain 2010.[18] D'imir imreoirí as Cúige Laighean agus Cúige Ulaidh i gcoinne imreoirí as Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan.[18] Imríonn Club Peile Lansdún agus Club Peiile Wanderers sa staid Aviva freisin.[14]

Tá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach agus ar Pháirc Cnoc an Fhéich[19] i mBéal Feirste.[14]

Comórtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comórtais idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Craobh na Sé Náisiún - Is comórtas idirnáisiúnta rugbaí é. Imríonn an Fhrainc, Éire, Sasana, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus Albain sa chomórtas seo.
  • Corn an Domhain sa Rugbaí - Tarlaíonn sé gach ceithre bliana agus imríonn fiche foireann sa chomórtas idirnáisiúnta. Is é Corn an Domhain an tríú comórtas spóirt is mó ar domhan.[20]
  • Corn na Náisiún Fómhar - Tá an comórtas idirnáisiúnta nua seo idir an Bhreatain Bheag, Sasana, Fhrainc, Albain, an Iodáil, Fidsí, Éire, agus an tSeoirsia.[21]
  • Craobh na Sé Náisiún na mBan - Bhí Craobh Náisiún Baile na mBan ar siúl den chéad uair sa bhliain 1996.[22]
  • Craobh na Sé Náisiún U20.[23]
  • Craobh na Sóisear.[24]

Craobhchomórtais na gcúigí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Guiness Pro14 - Imríonn 14 fhoireann as Éirinn, Albain, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus an Afraic Theas sa chomórtas seo. Cuireadh tús leis an gcomórtas sa bhliain 1999.[25]
  • An Corn Ceilteach - Is comórtas seachtaine go seachtain é an Corn Ceilteach. Imríonn imreoirí gairmiúla nua ó na ceithre chúige in Éirinn agus ó cheithre réigiún na Breataine Bige sa chomórtas seo. Maireann an comórtas ocht seachtaine.[26]
  • Corn na Seaimpíní Heineken - Imríodh an comórtas seo den chéad uair i 1956. Imríonn foirne éagsúla ó na tíortha an Fhrainc, Éire, Sasana, an Iodáil, an Bhreatain Bheag agus Albain sa chomórtas seo.[27]
  • Comórtas Coirn - Imríonn 14 fhoireann sa chomórtas seo.[28]

An tSraith Náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tSraith Uile-Éireann Energia - Is é an tsraith náisiúnta do chlubanna rugbaí in Éirinn.[29] Imríonn caoga club rugbaí sa chomórtas seo.[14]

Lógó agus siombailí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lógó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideadh an sean-lógó chun rugbaí na hÉireann a léiriú ar feadh 134 bliana.[30] Sa bhliain 2009, rinne Cumann Rugbaí na hÉireann lógó nua.[30] Tá cosúlachtaí áirithe eatarthu mar bhí trí seamróga agus liathróid rugbaí le feiceáil ar an dá lógó.[30] Tá an lógó nua i bhfad níos nua-aimseartha ach ag an am céanna, tá béim mhór ar stair na hÉireann agus ar fhéiniúlacht Cumann Rugbaí na hÉireann.[30]

Geansaí Rugbaí na hÉireann

Bratach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is bratach ghlas é. Tá tábhacht shiombalach ag baint leis an mbratach mar tá suaitheantais na gceithre chúige ar an mbratach.[31] Tá an lógó "IRFU" scríofa ar an mbratach freisin.[31]

Amhrán náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá amhrán náisiúnta rugbaí ann. Is é Amhrán na bhFiann an t-amhrán náisiúnta oifigiúil.[32] Ní sheinntear an t-amhrán seo ach ag cluichí baile. Ceiliúrann an t-amhrán seo neamhspleáchas na hÉireann ón mBreatain.[32] Mar thoradh tá a lán teannas ag baint leis an amhrán seo. De bharr, shocraigh Cumann Rugbaí na hÉireann amhrán nua a chruthú.[33] Scríobh Phil Coulter amhrán nua 'Ireland's Call' sa bhliain 1995.[34] Cantar é ag cluichí sa bhaile agus as baile.[32]

Clubanna Rugbaí na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liathróid Rugbaí

Tá timpeall 60,000 imreoirí rugbaí in Éirinn.[4] Tá caoga a naoi gclub i gCúige Mumhan.[4] Tá naoi gclub déag i gCúige Chonnacht.[4] Tá seachtó a haon club i gCúige Laighean.[4] Tá caoga a sé club i gCúige Uladh.[4]

Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an fhoireann sa bhliain 1875.[14] Tá tríocha sé imreoirí ar scuad rugbaí na hÉireann.[35]

Foireann Chlub na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an fhoireann seo sa bhliain 2006.[36] Tá an fhoireann seo comhdhéanta d’imreoirí rugbaí níos sine ó chlubanna éagsúla rugbaí na hÉireann.[36] D’imir siad a gcéad chluiche i gcoinne club Albanach.[36] [36]

Foirne cúige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foireann Chonnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh é sa bhliain 1885, nuair a tháinig sé chlub níos lú le chéile chun an fhoireann Chonnacht a bhunú.[37] Tá an fhoireann shinsearach cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann.[37] Is é Willie Ruane Príomhfheidhmeannach an chlub. Is é Ted Carty Uachtarán an chlub. Imríonn siad i bPáirc imeartha.[38] Tá áit sa staid do 7,500 duine.[38] Tá an club bunaithe i nGaillimh.[37]

Foireann Laighean[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh é sa bhliain 1879.[39] Tá an fhoireann cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann. Imríonn siad sa staid Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.[39] (Béarla RDS Arena).[40] Tá áit sa staid do 18,500 duine.[39]

Foireann Uladh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh é sa bhliain 1879.[41] Tá foireann Uladh ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann.[41] Imríonn siad sa staid Kingspan i mBéal Feirste.[42] Tá áit sa staid do 18,000 duine.[41]

Foireann na Mumhan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh é sa bhliain 1879.[43] Tá foireann Mumhan ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann.[43] Imríonn siad sa staid rugbaí Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach.[43] (Béarla: Thomond Park)[44] Tá áit sa staid do 25,600 duine.[43]

Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireann sa bhliain 1978.[45] Bunaíodh é chun cabhrú le himreoirí rugbaí gortaithe. Faoi ​​láthair tá tríocha hocht imreoir rugbaí le gortuithe a athraíonn a saol.[45] Tá gortuithe inchinne nó gortuithe dromlaigh ag na himreoirí seo.[45] Díríonn an charthanacht seo ar chabhrú leis na himreoirí seo.[45] Cuireann sé tacaíocht mhorálta agus tacaíocht airgid ar fáil do na himreoirí.[45]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Irish Rugby Football Union". www.lobbying.ie. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  2. Frederic Humbert (2008-09-17). "Ireland 1875". 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 3.7 "Rugby Rules: How To Play Rugby | Rules of Sport". www.rulesofsport.com. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  4. 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 4.11 4.12 4.13 4.14 4.15 4.16 4.17 4.18 4.19 4.20 4.21 "HISTORY OF THE IRISH RUGBY FOOTBALL UNION" (en). irishrugby.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-22. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  5. ""the University of Dublin, Trinity College"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  6. "Bóthar Lansdún/Lansdowne Road" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  7. "Ceatharlach/Carlow" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  8. "Dún Geanainn/Dungannon" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  9. "Béal Átha na Sluaighe/Ballinasloe" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  10. ""Northern Ireland"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  11. ""Queen's University"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  12. ""Coláiste na hOllscoile, Corcaigh"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  13. "History of rugby union matches between England and Ireland" (as en) (2023-02-07). Wikipedia. 
  14. 14.00 14.01 14.02 14.03 14.04 14.05 14.06 14.07 14.08 14.09 14.10 "Rugby Football History". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  15. "IRFU Committee" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  16. "IRFU Presidents" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  17. 17.0 17.1 17.2 17.3 17.4 17.5 "Lansdowne Road". www.rugbyfootballhistory.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  18. 18.0 18.1 18.2 18.3 18.4 18.5 "Aviva Stadium : Lansdowne Road : Dublin 4 : Republic of Ireland Soccer Team New Football Ground for Home Matches". www.soccer-ireland.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  19. "Cnoc an Fhéich/Ravenhill" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  20. world.rugby. "Tournament General Information | Rugby World Cup" (en). www.rugbyworldcup.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  21. world.rugby. "Autumn Nations Cup 2020: All you need to know about the tournament and the eight nations competing in it | World Rugby". www.world.rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  22. world.rugby. "Six Nations 2021: All you need to know about this year’s tournament | World Rugby". www.world.rugby. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  23. "Under-20 Six Nations Championship" (en-GB). Six Nations Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-13. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  24. "Comprehensive League Tables - The Official Home of Irish Rugby" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  25. "About Us - Guinness PRO14". www.pro14.rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-21. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  26. "Connacht Rugby | IRFU launch schedule for upcoming Celtic Cup campaign" (en). Connacht Rugby (2019-07-22). Dáta rochtana: 2021-02-03.
  27. "Heineken Champions Cup | European Champions Cup | RugbyPass" (en). www.rugbypass.com. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  28. "Challenge Cup | Qualification" (en-GB). European Professional Club Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-21. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  29. "Men" (en-US). Irish Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-18. Dáta rochtana: 2021-02-03.
  30. 30.0 30.1 30.2 30.3 "IRFU Launch New Identity" (en-US). Irish Rugby (2009-08-05). Dáta rochtana: 2021-02-04.
  31. 31.0 31.1 "Buy The Flag And Fly The Flag" (en-US). Irish Rugby (2015-09-15). Dáta rochtana: 2021-02-04.
  32. 32.0 32.1 32.2 Jessica Lindsay Read more: https://metro.co.uk/2018/03/10/ireland-two-national-anthems-7375538/?ito=cbshare Twitter: https://twitter.com/MetroUK | Facebook: https://www.facebook.com/MetroUK/+(2018-03-10).+"Why do Ireland have two national anthems?" (en). Metro. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  33. Rory Carroll (2019-08-10). "Ireland’s Call: how a derided rugby dirge became a song for Irish unity" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  34. "Irish Song Lyrics - Ireland's Call". www.irishsongs.com. Dáta rochtana: 2021-02-04.
  35. "Ireland Senior Squad - The Official Home of Irish Rugby" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  36. 36.0 36.1 36.2 36.3 "Ireland Club Team" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  37. 37.0 37.1 37.2 "Connacht Rugby | About" (en). Connacht Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-01. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  38. 38.0 38.1 "Connacht" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  39. 39.0 39.1 39.2 "Leinster Information" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  40. ""rds"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  41. 41.0 41.1 41.2 "Ulster" (en-US). Irish Rugby. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-18. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  42. "About Us" (en-US). Ulster Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  43. 43.0 43.1 43.2 43.3 "Munster" (en-US). Irish Rugby. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  44. ""Thomond Park"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  45. 45.0 45.1 45.2 45.3 45.4 "About Us – IRFU Charitable Trust" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-02-05.