Carraig na Siúire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carraig na Siúire
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Tipperary Magnified.png
Daonra (2006)
- Baile:
- Tuath:
 
5856 
50
Airde: -
Contae: Contae Thiobraid Árann
Cúige: An Mhumhain

Baile i gContae Thiobrad Árann in Éirinn, is ea Carraig na Siúire atá (mar a léiríonn an t-ainm) suite ar Abhainn na Siúire. Bhí daonra de 5,906 sa bhaile dar le daonáireamh na bliana 2006.

Suíomh[athraigh | edit source]

Is sa chúinne thoir theas de Thiobrad Árann atá Carraig na Siúire suite, timpeall 20 ciliméadar ó Chluain Meala. Mar a tharlaíonn sé tá an baile buailte le teorainneacha trí chontae: Contae Thiobraid Árann, Contae Phort Láirge agus Contae Chill Chainnigh. Tugtar Carraig Bheag ar an gcuid den bhaile atá ar bhruach theas na habhann, agus Carraig Mhór ar an gcuid atá i dTiobrad Árann.

Iompar[athraigh | edit source]

Osclaíodh stáisiún Traenach an bhaile ar an 15 Aibreán 1853, agus tá seirbhís traenach ann go fóill go Luimneach agus Port Láirge.

Stair[athraigh | edit source]

Tógadh Carraig na Siúire ar dtús ar oileán taobh ó thuaidh de Phort Láirge ach de réir a chéile cuireadh aibhneacha beaga ar atreo ionas go raibh talamh tirim timpeall an bhaile. Chuir teaghlach rachmasach Normannach fúthu sa cheantar go luath sa 14ú haois, na Buitléirigh, dream a raibh an-tionchar acu ar stair na hÉireann. Thóg siad caisleán láidir ar bhruach thuaidh na Siúire in aice leis an áit a bhfuil an phríomhshráid anois.

Ghabh fórsaí na Parlaiminte an baile le linn ghabháil Chromail sa bhliain 1649. Rinne saighdiúirí as Cúige Uladh iarracht an baile a athghabháil ach cuireadh an ruaig orthu agus cailleadh cúig chéad acu.

Bhunaigh na Buitléirigh tionscal olla sa bhaile sa bhliain 1670 agus bhí rath áirithe ar an mbaile ar feadh breis agus céad bliain mar gheall ar an olann agus tionscail eile - iascach, criadóireacht agus gnóthaí eile a bhain leis an abhainn. Bhí suas le 11,000 sa bhaile faoin mbliain 1799. Ach mar gheall ar dhleachta a ghearr Rialtas na Breataine ar an tionscal olla tháinig air, mhéadaigh an bhochtaineacht agus chuaigh na sluaite ar imirce. Thit an daonra go mór fosta mar gheall ar an Ghorta Mhór.

Bhí Carraig na Siúire i seilbh na bPoblachtánach ar feadh tamaill le linn an Chogadh Cathartha go dtí gur ghabh arm an tSaorstáit í sa bhliain 1922. Faoin am sin bhí tionscal cadáis bunaithe sa bhaile chomh maith le huachtarlann. Ach bhain níos mó tábhachta ó thaobh na heacnamaíochta leis an tionscal súdaireachta a cuireadh ar bun sna 1930í a chuir fostaíocht ar fáil do mhórán den chéad uair riamh. Lean an imirce ar aghaidh áfach agus chuaigh a lán de bhunadh an bhaile go Baile Átha Cliath, go Sasana agus níor faide ó bhaile.

Ba mhór an tubaiste don bhaile é nuair a dúnadh cuideachta súdaireachta Pollack & Plunder sa bhliain 1985 mar go raibh na mílte duine sa bhaile fostaithe acu nó ag brath ar dhuine de na fostaithe. Bhí lagtrá fada i gCarraig na Siúire go dtí gur bunaíodh monarcha SRAM agus roinnt ghnólachtaí eile sna 1990í. Thosaigh an daonra ag fás ansin den chéad uair le dhá chéad bliain. Níor mhair monarcha SRAM ach go dtí an bhliain 2006 ach tá an daonra ag fás i gcónaí, é anois ina bhaile suanleasa do Phort Láirge agus do Chluain Meala.