Liathróid láimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ag imirt liathróid láimhe

Is é atá i gceist le liathróid láimhe ná saghas spórt atá coitianta in Éirinn. Go bunúsach, imríonn beirt iomaitheoirí in aghaidh a chéile ar chúirt nó ar phinniúr.

Stair an chluiche[athraigh | edit source]

Ní fios cén uair nó cén áit ar cuireadh tús le liathróid láimhe mar chluiche. Ceaptar gur imríodh an cluiche san Éigipt chomh fada siar leis an deichiú haois. Toisc nach bhfuil aon teacht ar cur síos cruinn ar an sean-chluiche, áfach, ní féidir a rá cé chomh cosúil is atá an cluiche sin agus cluiche an lae inniu.

Cé go bhfuil go leor eolais faoin gcluiche in Éirinn sa 19ú haois is beag atá againn i scríbhinn faoi roimhe sin. Tá cur síos spéisiúil, áfach, sa leabhar Carlow in '98, Roger J. McHugh faoi fear dárb ainm William Farrell. Rugadh é i 1772 agus tógadh é i gCeatharlach. Scríobh sé faoin saol sa chontae le linn a óige. Luaigh sé na cluichí a d'imir na daoine ag an am agus ina measc bhí liathróid láimhe. Luaigh sé, freisin, cuid de na himreoirí ab fhearr sa cheantar: Mr.John Bagot, Joe Dowling agus a dheartháir Jim, Paddy Foley agus Tom Nowlan.

Is cinnte gur imríodh an cluiche in an-chuid áiteanna ar fud na hÉireann sa naoú haois déag. Tógadh pinniúr in go leor bailte ar fud na tíre agus imríodh an cluiche i roinnt mhaith scoileanna cónaithe. Cluiche i bpinniúr le trí fhalla is mó a bhí i geist agus dar ndóigh bhí na pinniúir seo amuigh faoin aer agus spás féarach os a gcomhair amach don lucht féachana. Uaireanta bhí céimeanna cloiche ann don lucht féachana. Tá sampla maith de seo le feiscint i mBéal Átha an Rí i gContae na Gaillimhe.

Tháinig athraithe ar an gcluiche de réír a chéile agus ní beag an tionchar a bhí ar imirce na n-Éireannach go Meiriceá Thuaidh sa naoú haois ar fhorbairt an chluiche.

Fearas agus Feisteas[athraigh | edit source]

Cúirt liathróid láimhe

Sna sean-laethanta ní bhíodh gá le aon fheisteas faoi leith chun an cluiche a imirt agus baineadh úsáid as liathróid chrua a rinneadh as ábhar mar chraiceann gabhair, snáth agus leaisteach. Sa lá atá inniu ann úsáidtear liathróid rubair agus caitear T-léine, brístí gearra, stocaí agus bróga reatha atá oiriúnach do na cúirteanna nua-aimseartha.Is minic, freisin, a chaitear gloiní cosanta, lámhaínní agus banda allais.

An cluiche inniu[athraigh | edit source]

Sa lá atá inniu ann imrítear dhá chluiche in Éirinn: an cluiche idirnáisiúnta a imrítear i bpinniúr 40 troigh fá 20 troigh agus an cluiche Éireannach a imrítear i bpinniúr 60 troigh fá 30 troigh.Eagraítear comórtais sa chluiche idirnaisiúnta do gach aoisghrúpa ó aon bhliain déag suas. Bíonn cluichí do bheirt nó do cheathrar i gceist sa dá shaghas pinniúir.

Samplaí de phinniúir ar fud na hÉireann[athraigh | edit source]

Co.na Mí[athraigh | edit source]

  • Ceanannas Mór: Tá pinniúr clúdaithe sa bhaile agus club an-ghníomhach ann.
  • Ráth Mór: Tá pinniúr 60 troigh fá 30 troigh i Ráth Mór. Cuireadh díon iarainn air roinnt blianta ó shin. Tá sé fós in úsáid.

Co. na Gaillimhe[athraigh | edit source]

  • Béal Átha na Sluaighe: Tá pinniúr suite i nDoire an Mhuilinn i mBéal Átha na Sluaighe. Tógadh sa bhliain 1926 é mar phinniúr 60 troigh fá 30 troigh ach cuireadh críoch le hathtógail i 1985 le pinniúr taobh istigh de 40 troigh fá 20 troigh. Is iomaí gradam Contae, Cúige agus Craobh na hÉireann atá bainte amach ag baill den chlub ó 1985. Tá pinniúir eile i gColáiste Gearrbhaile, pinniúir faoi-aer atá iontú. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le liathróid láimhe i gCo. na Gaillimhe ach ríomh-phoist a sheoladh chuig: gaillimh@handball.gaa.ie.
  • Pinniúr an Chnoic nó pinniúr Mhichíl Bhreathnaigh: Tá traidisiún láidir liathróid láimhe i bparóiste an Chnoic i gceartlár na Gaeltachta. Bhí dhá phionúr sa pharóiste ar feadh na mblianta fada, pionúr amháin sna hAille agus pionúr eile i mBothúna. Tógadh an pionúr sna hAille sa bhliain 1931 ach thit sé go talamh sa bhliain 1956. Níor tógadh arís an pionúr go dtí na seachtóidí nuair a d'éirigh leis an gcoiste suíomh nua a aimsiú. Maidir leis an bpionúr i mBothúna tógadh an pinniúr seo nuair a bhí Teach Mór na Muiriseacha dá thógáil. Is iomaí sin imreoir cumasach a rinne gaisce sa phinniúr. Ach bhí imreoir amháin a sheas amach gan cháim thar gach neach eile. B'shin é Pádraig Mac Donncha nó Pat na Máistreasa as Leitir Mealláin. Le linn do Phádraig a bheith i S.A.M. bhuaigh sé Craobh Nua Eabhrach(1919)-(1923) agus Craobh an Domhain(1922-1923). Nuair a d'fhill sé ar a thír dhúchais d'ardaigh sé leis Craobh Shinsear na hÉireann agus an Chraobh sna Cluichí Tailtean chomh maith. Is trua le haithris gur leag Míchéal Ó Muiris (Tiarna Chill Ainín) an pinniúr go talamh sular dhíol sé a ghabháltas talún leis an mBuachallach sna caogadaí. Ní raibh fáil ar phinniúr sa bparóiste arís go dtí deireadh na seachtóidí nuair a tógadh an pinniúr atá anois ann. Ba é mian an Choiste an lá ar osclaíodh é ná óige an cheantair a fheiceáil dhá n-aclú féin go folláin fearúil nó banúil san áis seo a chuir an pobal ar fáil dóibh. Bail ó Dhia orthú tá siad á dheanamh sin go breá ag lascadh ballaí gach deis a fhaigheann siad.

Tá Fiontáin Ó Curraoin, as Indreabhán, Chlub na mBreathnaigh, ar ceann de na imreoirí liathróid láimhe is fearr i nGaillimh agus tá cúpla corn Uile-Éireann buaite aige.

Contae Chorcaí[athraigh | edit source]

  • Dúnmaonmhuí: Tógadh pinniúr sa bhaile mór sa bhliain 2,005, cé nach raibh aon traidisiún liathróid láimhe san áit. Tá déagóirí na háite díreach tosnaithe ar an spórt a imirt anois. Is pinniúr 60 troigh fá 30 troigh é, le díon breá, nua-aimseartha air.

Baile Átha Cliath[athraigh | edit source]

  • Tá lárionad náisiúnta an spóirt suite in aice le Páirc an Chrócaigh. Tá ar intinn ag CLG ionad nua a thógáil go luath sa cheantar.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]



Na Cluichí Gaelacha
Gaelic Athletic Association.png

Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr |