Peil Ghaelach na mBan
Is cluiche foirne a imrítear in Éirinn ach go háirithe í Peil Ghaelach na mBan, ina bhfuil na rialacha cosúil le cluiche na bhfear.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair na peile
Ba i Mí na Samhna 1884 le bunú Cumann Lúthchleas Gael a thosaigh mná agus fir na hÉireann ag imirt na peile Gaelaí go hoifigiúil. Imríodh an chéad chluiche i 1887. Cé gur sheas peil na mBan cúpla coiscéim taobh thiar de pheil na bhfear tháinig sé chun cinn go mór tar éis a lán tacaíochta a fháil. Thuig muintir na hÉireann go raibh an tábhacht céanna ag baint leis. Breathnaíodh ar an bpeil mar spórt do na fir amháin, ag an am. Spórt dar leo a bhí ró-fhisiciúil do na mná. Ba ghearr go bhfaca daoine nach raibh sé seo fíor a thuilleadh. Gach bliain bíonn an-iomaíocht idir na condaetha éagsúla ó cheann ceann na tíre agus iad ag iarraidh Corn Bhreandáin Uí Mháirtín a chrochadh leo abhaile. Is féidir níos mó eolais a fháil tré breathnú ar an suíomh http://www.ladiesgaelic.ie.
[athraigh] Rialacha
Cé go bhfuil an cluiche an-chosúil le peil na bhfear tá cúpla rial difriúil acu. Is iad seo a leanas na rialacha a bhaineann le peil na mBan;
- Is féidir le himreoirí an liathróid a ardú díreach ón talamh.
- Maireann cluiche seasca nóimead. I gcluiche sinsearach idir chondae de chuid na bhfear, maireann cluiche seachtó nóiméad.
- Níl an cluiche chomh fisiciúil, tugtar ciceanna saora i gcluiche na mban do shárú nach mbreathneofaí air i gcluiche na bhfear ach mar ionsaí fíorbheag.
- Úsáidtear clog chun am a choinneáil ar an gcluiche agus buailtear clog ag deireadh an chluiche má tá sé ar fáil. I gcluiche na bhfear is é an réiteoir a chuireann deireadh leis.
[athraigh] Craobh na hÉireann: Seaimpíní
- Contae na Gaillimhe – 1 uair
- Contae Chiarraí – 11 uair
- Contae Mhaigh Eo – 4 uair
- Contae Thiobraid Árann – 3 uair
- Contae Mhuineacháin– 2 uair
- Contae Phort Láirge– 5 uair
- Contae Uíbh Fhailí – 2 uair
- Contae Chorcaí – 1 uair
- Contae Laoise – 1 uair
- Contae Ros Comáin – 1 uair
- Contae an Chabháin
[athraigh] Fíricí
An scór is airde a taifeadadh i gcluiche seachtó nóiméad(sinsear)-Jimmy Keaveney do Bleá Cliath i 1977 in aghaidh Ard Mhacha.Scóráil sé dhá chúl agus sé chúillín,agus Mike Sheehy do Chiarraí i 1979 in aghaidh Bleá Cliath,scóráil sé féin dhá chúl agus sé chúillín.
[athraigh] Craobh TG 4
Sheol an Taoiseach Parthalán Ó hEachthairn craobh TG4 i bPeil na mBan i 2005 i bpáirc an Chrócaigh. Is iad TG4 an beochraoltóir a bhíonn ag peil na mBan gach bliain. Bíonn cluichí á n-imirt acu sa gcraobh sinsear agus sóisear. Tá os cionn míle club páirteach ann anois ó gach cearn den tír. Tá aitheantas níos fearr faighte ag peil na mBan anois ná mar a bhí riamh. Anuraidh ghlac seacht bhfoireann déag páirt ag leibhéal na sinsear. Tugann sé seo le fios cé chomh láidir is atá an spórt ar fud na tíre.
[athraigh] Comórtas Peile na Gaeltachta
Gach bliain reachtáiltear comórtas sa pheil Ghaelach idir na Gaeltachtaí ar fud na tíre an chéad deireadh seachtaine i mí an Mheithimh. Bíonn an comórtas lonnaithe i gceantair Ghaeltachta difriúla gach bliain.Sa bhliain 2009 beidh sé lonnaithe i gceantar iontach stairiúil agus san áit chéanna a bhfuilTeach an Phiarsaigh i Ros Muc.Tugann an deireadh seachtaine seo seans d’imreoirí, ní hamháín a gcuid scileanna peile a thaispeáint ach aithne a chur ar a chéile tré mheán na Gaeilge. Ar ndóigh ní don pheil amháin a dhéanann daoine freastal ar an gcomórtas seo ach don chraic agus don spraoi a théann leis an deireadh seachtaine. Imrítear cluichí sóisir agus sinsir do na mná. Bíonn idir óg agus aosta ag imirt. Déantar an cluiche ceannais a imrítear ar an lá saoire bainc a chraoladh beo ar TG4. I 2002 a bhuaigh m’fhoireann féin an corn i.e - mná Chonamara. Le cúnamh Dé beidh an bua againn arís i mbliana sa Spidéal.Is féidir níos mó eolais a fháil faoi ach cuardach a dhéanamh ar google-comórtas peile na Gaeltachta,tá neart le léamh faoi.
[athraigh] Cumann Peile Ban na bPiarsach
Cumann peile ban atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara i Ros Muc is ea cumann peile ban na bPiarsach. Tá sé ar an bhfód anois le timpeall naoi mbliana agus é ag fás agus ag neartú ó bhliain go bliain. Tá grúpaí éagsúla ann, m.sh. foireann faoi dhá bhliain déag, sé bliana déag agus foireann sóisear grád B. Cé gur pobail bheaga atá sna ceantair as a dtagann formhór na n-imreoirí, tá an-spéis sa pheil agus a mbaineann léi. Bíonn traenáil uair amháin in aghaidh na seachtaine agus imrítear cluiche mórán chuile sheachtain. Chuaigh an club chomh fada le Craobh Chonnacht ach níor éirigh leo an corn a thabhairt linn abhaile, ach beidh muid ag traenáil linn go crua agus le cúnamh Dé, beidh muid níos díograsaí i mbliana.
[athraigh] Naisc Sheachtracha
- irishsportscouncil.ie - Comhairle spóirt na hÉireann
- womenssport.com - Spóirt mhná
- tg4.ie - Spóirt ar tg4
| Na Cluichí Gaelacha |
||
|
Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr | |
