TG4

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

TG4
Íomhá:Tg4 logo.png
Súil Eile
Saghas Comhlachta Corparáid neamhspleách poiblí
Bunaithe 31 Deireadh Fómhair, 1996
Suíomh Baile na hAbhann,
Conamara,
Gaillimh,
Éire
Daoine Lárnacha Peter Quinn, Cathaoirleach
Pól Ó Gallchóir, Ceannasaí
Méid fostaithe 70 (2007)
Tionscail Teilifís, suíomh gréasáin
Láithreán Gréasáin TG4.ie, súiomh oifigiúil
TG4.tv, sruth beo

Is stáisiún teilifíse Éireannach é TG4 atá dírithe ar cainteoirí Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain ar an idirlín. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar Oíche Shamhna 1996 mar Teilifís na GaeilgeTnaG, ach athraíodh an t-ainm go TG4 sa bhliain 1999. Bhí TG4 faoi stiúir RTÉ go dtí gur athraigh sé go corparáid neamhspleách poiblí ar an gcéad lá d'Aibreáin 2007, tar éis don reachtaíocht chaoi chun go dtarlódh sé seo dul tríd i 2001.

Cé go raibh an stáisiún cáinte ag daoine áirithe sna meáin Bhéarla ar dtús (mar shampla - bhaist an t-iriseoir Kevin Myers 'Telefís De Lorean' air, ag déanamh tagart don chomhlacht mí-rathúil De Lorean), tiúnann thart ar 730,000 duine isteach gach lá, ag tabhairt croí-lár de lucht féachana 100,000 duine dó, nó 2-3% den lucht féachana iomláin a bhreathnaíonn ar an teilifís in Éirinn. Mar shampla, bíonn an lucht féachana ardaithe go dtí 180,000 nuair a chraoltar Peil Ghaelach na mBan. I mí Iúil 2007, glacadh TG4 isteach mar bhall nua d'Aontas Craolacháin na hEorpa.

Clár ábhair

[athraigh] Modh oibre

Is iad na cláir Gaeilge atá ag croí TG4, agus craoltar sé uair den ábhar seo gach lá - mar shampla nuacht, spórt, ceol, cláir faisnéise agus rudaí eile. Chomh maith le sin, taispeántar athchraoltaí de chláir éagsúla agus ansin cláir cáiliúla eile i mBéarla, cosúil leis The O.C., Nip/Tuck agus cláir Meiriceánacha eile.

Ag feidhmiú mar fhoilsitheoir agus mar chraoltóir, caitheann TG4 €20 milliún gach bliain i gcomhair cláir Gaeilge nua ó chomhlachtaí Éireannacha. Tá an sobal dráma Ros na Rún ar cheann de na cláir is rathúla, agus déanann siad cláir faisnéise chomh maith.

Ar an 1 Aibreán 2007, rinneadh corparáid neamhspleách de Teilifís na Gaeilge, agus bhí Peter Quinn, iar-Uachtarán an CLG, ar an gcéad Cathaoirleach air. I measc na daoine eile a ceapadh ar an údarás ná Joe Connolly, Padraig MacDonnacha, Eilís Ní Chonghaile, Méabh Mhic Ghairbheith, Méadhbh Nic an Airchinnigh, Bríd Ní Neachtáin, Feargal Ó Sé agus Regina Culliton.

Tá an chuid is mó de cláir an stáisiúin ar fáil le fotheidil as Béarla.

[athraigh] Buiséad

Cláracha coimisiúnaithe de réir aicme i 2006:-

Aicme Buiséad Uaireanta
Ros na Rún €3,446,000 36
Faisnéis €1,924,000 60
Spórt €3,828,000 283
Drámaíocht €2,418,000 25
Ceol €1,378,000 63
Siamsaíocht €1,391,000 60
Taisteal €267,000 4
Stiúideo €438,000 66
Iomlán €15,469,000 597


[athraigh] Cláir

Nuair a bhunaíodh TG4 i dtús báire, ní bhíodh a lán cláir ann, tháinig deireadh luath leis an craoladh gach aon lá agus bhíodh a lán cláir Béarla ann freisin. Ó shin, chuaigh sé ó neart go neart, ag piocadh suas lucht féachana mar thoradh ar a chláir gairmeacha. Ar dtús ní raibh a lán airgid acu agus bhí sé faoi bhos ag RTÉ. Sa bhliain 1999, athsheoladh an stáisiún faoin teideal TG4 (Telefís Gaeilge 4) faoi údarás TeleGael, cumann eile faoi RTÉ. Ón am sin, tugann RTÉ buiséad do TG4 chun caitheadh aon chaoi a mhaith leo. Thosaigh siad ag craoladh níos mó cláir dírithe ar daoine fásta, ag seoladh Séideán Staire agus Ardán.

Chomh maith le sin, leathnaigh siad a rath mór, an tsraith taisteal Amú, le Hector Ó hEochagáin. Rinne an seó seo réalta mór as Ó hEochagáin agus thóg TG4 a lán lucht féachana as. Anois, téann TG4 ó neart go neart, le príomhchláir den chéad scoth agus réalta móra ón stáisiún.

Tá clú cothaithe ag TG4 mar stáisiún a chruthaíonn cláir nuálacha, scannánaíocht, ealaín, dráma, cláir faisnéise agus spórt. Mar shampla, chraol TG4 na cláir iomráiteacha Meiriceánacha Nip/Tuck, Carnivàle, Gossip Girl, The Wire, America's Next Top Model, The O.C., One Tree Hill, Lipstick Jungle, Everwood, Survivor, Invasion agus Curb Your Enthusiasm sular raibh siad le feiceáil sa Ríocht Aontaithe agus tíortha eile. Chomh maith le sin, thaispeáin TG4 an comórtas leadóige Wimbledon agus an rás Tour de France go beo ar an aer. Tugann TG4 aird do cluichí Éireannacha chomh maith, mar na cluichí peil Ghaelacha agus iomána níos lú, mar shampla na sraitheanna náisiúnta agus comórtas na gclubanna. Níl na héachtaí seo in ann lucht féachana an-mhór a bhaint amach, ach tá lucht leanúna rialta agus díograiseach fós. Craoltar scannáin mór le rá freisin, mar shampla scannáin buachaillí bó, i dteangacha eile, go háirithe as Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis.

Ó thaobh cláir shiamsaíochta de, tá an seó cainte Ardán agus an clár faisean Paisean Faisean. Ar an 31 Deireadh Fómhair 2006, craoladh an chéad eipeasóid den clár Aifric, cóiméid/dráma atá dírithe ar déagóirí. Ar an ábhar céanna agus dírithe ar daoine níos sine, tá an clár nua Seacht a leanann saol seacht mac léinn i mBéal Feirste. Ar an 24 Meán Fómhair 2007, thosaigh TG4 ag taispeáint an clár beochana South Park as Gaeilge. Rinne siad amhlaidh le Sesame Street, a chraoltar faoin ainm Tar ag Spraoi Sesame.

D'éirigh leis an stáisiún méid réaltaí a seoladh in Éirinn, mar shamplaí na deirfiúracha Seoige, Gráinne agus Síle, agus Hector Ó hEochagháin. Mar thoradh, tá méid mhór lucht féachana acu anois agus níl sé stáisiún ceap magaidh a thuilleadh, is stáisiún proifisiúnta measta é anois.

Cuireann TG4 sruth beo ó Dháil Éireann ar dhá lá sa tseachtain. Tá clár nuacht laethúil chomh maith, Nuacht TG4 agus an clár Timpeall na Tíre (bailiúchán de na scéalta is mó ón seachtain) agus 7 Lá (díospóireacht ar cúrsaí reatha).

Tá seirbhís theilithéacs ag TG4, ar a tugtar Téacs TG4. I mí an Mheithimh na bliana 2006, thosaigh siad ag craoladh cláir go beo ar an suíomh idirlín tg4.tv.

[athraigh] Sceideal

18:00 18:30 19:00 19:30 20:00 20:30 21:00 21:30 22:00 22:30 23:00
DÉ LUAIN POP 4 Nuacht TG4 Blaisíní Beatha GAA 2009 Samantha Who? Eochair an Ghrá Gossip Girl Seacht
DÉ MÁIRT Step It Up and Dance 7 Lá Ag Bogadh go hInis Meáin Ros na Rún Movie
DÉ CÉADAOIN The Hills Pimp My Ride Thar Sáile Siar an Bóthar Without a Trace Nioclás Tóibín - Orpheus na nDéise Glór Tíre
DÉARDAOIN One Tree Hill Comhrá Cósta Uí Chatháin Ros na Rún Two and a Half Men Feirm Factor Idir Mná Fíorscéal
DÉ hAOINE The Hills Samantha Who? Ar Bharr na dTonn Ceol ón gCroí Seó Spóirt GAA @ 125 Bliain An Western (Movie)
DÉ SATHAIRN Pop 4 Franklin – Tásc is Tuairisc Glór Tíre Hector san Afraic Movie Seacht
DÉ DOMHNAIGH Volvo Ocean Race Siar an Bóthar Comhrá Ar Bharr na dTonn Glas Vegas Ag Bogadh go hInis Meáin Ceol ón gCroí Ollchlár Ros na Rún

[athraigh] Tuaisceart Éireann

Mar pháirt de Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998, cuireadh TG4 (nó TnG mar a bhí sé) ar fáil i dTuaisceart Éireann. Sa bhliain 2005, thosaigh sé ag craoladh go hoifigiúil ón tarchuradóir úd Divis gar do Bhéal Feirste.

[athraigh] Naisc sheachtracha

Do chuid uirlisí