Liam Ó Loingsigh
| Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Gramadach, litriú, srl Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Bhí Liam Ó Loingsigh (Béarla: Liam Lynch; 9 Samhain, 1893 – 10 Aibreán, 1923) ina oifigeach ar Óglaigh na hÉireann i rith Chogadh na Saoirse agus ina ghinearál ar na bhfórsaí a throid i gcoinne an chonartha i rith Chogadh Cathartha na hÉireann.
A óige [athraigh]
Rugadh Liam i mBarr na nGabhar, sráidbhaile beag i gContae Luimneach, gar do Bhaile Mhistéala i gContae Chorcaí. Jeremiah agus Máire Ceallaigh Uí Loingsigh ab ea a thuistí. D'fhreastail sé ar Scoil Ghleann na gCreabhar ar feadh a leanbhaois.
Sa bhliain 1910, agus é seacht mbliana déag d'aois, thosaigh sé printíseacht i gcrua-earraí trádála Uí Néill i mBaile Mhistéala, áit a bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus d'Ord Ársa na nIbeirneach. Níos déanaí fuair sé post i gCeannaí Adhmaid de Barra i mBaile Mainistir Fhear Maí. Díreach tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916, bhí sé i láthair nuair a gabhadh agus a maraíodh David agus Richard Ceannt as Teach Bawnard ag Constáblacht Ríoga na hÉireann.
Cogadh na Saoirse [athraigh]
I gCorcaigh, rinne Ó Loingsigh eagrú ar na hÓglaigh ansin sa bhliain 1919, agus i rith an chogaidh bhí sé ina Cheannfort ar Bhriogáid 2 den IRA. Chabhraigh Ó Loingsigh le ghabhadh an oifigigh Shasanaigh Ginearál Lucas, i Mí Meitheamh, 1920. Lámhachadh Coirnéil Danford i rith na heachtra. D'éalaigh Lucas nuair a bhí sé i lámh fir an tIRA as Contae an Chláir. Gabhadh é féin, chomh maith le oifigí eile ón Bhriogáid 2, i Halla Cathrach Corcaigh i mí Lúnasa, 1920. Gabhadh Traolach Mac Suibhne, méara Corcaigh - a fuair bás de bharr stailc ocrais i bpríosún. Thug Loingsigh ainm bréagach, agus ligeadh saor é trí lá níos déanaí. I rith an am céanna, bhí na Sasanaigh tar éis beirt a mharaíodh, ag ceapadh gur Liam a bhí iontu (bhí an t-ainm céanna acu).
I mí Meán Fómhar, 1920, chomh maith le Ernie Ó Mháille, thóg sé fórsa le Dún Arn na Sasanaigh a thógáil i Magh Ealla. Thóg siad na hairm go léir agus chuir siad an foirgneamh trí thine. Roimh deireadh 1920, bhí an bua ag briogáid Uí Loingsigh thar fórsaí na Sasanaigh dhá uair eile trí luíochán. Lean sé leis an dtreallchogaíocht i dtús na bliana 1921. Ach san am céanna maraíodh 10 óglach, gabhadh 8 eile i Mainistir Na Morna, agus theip ar luíochán ar traein ag Upton. Fuair suas le 10 ball den IRA bás.
I mí Aibreáin 1921, atheagraíodh an t-IRA arís bunaithe ar réigiúin. Bhí an méid clú agus cáil bainte amach ag Liam gur rinneadh Ceannfort den chéad rannán deisceart de. Ón am seo go dtí an sos-cogaidh a chuir deireadh leis an gcogadh i mí Iúil 1921, bhí an rannán seo faoi bhrú de bharr méadú fórsaí na Sasanaigh sa Deisceart agus ath-eagrú an fórsa seo chun déileáil le bearta an treallchogadh. Nuair a tháinig an sos-chogadh bhí Loingsigh sásta toisc an easpa airm a bhí aige, ach cheap sé go leanfadh an cogadh tar éis tamaill.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.