Seán MacBride (polaiteoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán MacBride

(1984) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Eanáir 1904
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Eanáir 1988
83 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

13 Meán Fómhair 1954 – 1 Eanáir 1957
Teachta Dála
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 15ú Dáil


Teachta Dála
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 14ú Dáil


Teachta Dála
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 13ú Dáil


An tAire Gnóthaí Eachtracha
18 Feabhra 1948 – 13 Meitheamh 1951
← Éamon de ValeraProinsias Mac Aodhagáin →
Teachta Dála
29 Deireadh Fómhair 1947 – 11 Nollaig 1947 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 12ú Dáil

Toghcheantar: Contae Átha Cliath

Toghadh i: fothoghchán Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
lycée Saint-Louis-de-Gonzague Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht, caidreamh idirnáisiúnta, taidhleoireacht agus cearta daonna
Gairmtaidhleoir, abhcóide, iriseoir, polaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAmnesty International
na Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaClann na Poblachta (1946–)
Sinn Féin (1918–1931) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairSeán Mac Giolla Bhríde  agus Maud Gonne
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 5746942 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir, taidhleoir agus gníomhaí ar son chearta an duine é Seán MacBride (Gaeilge: Seán Mac Giolla Bhríde) a rugadh ar 26 Eanáir 1904 agus a bhásaigh 15 Eanáir 1988. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1974[1].

1947

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1948, ar dheis

Mac leis an réabhlóidí Seán Mac Giolla Bhríde agus an aisteoir Maud Gonne a bhí ann. Sa Fhrainc a tógadh é agus bhog sé go hÉirinn nuair a bhí sé dhá bhliain déag d'aois.[2]

Níor thosaigh sé amach ar bhealach na síochána. Cuireadh a athair Major John MacBride chun báis tar éis Éirí Amach na Cásca 1916 agus ní raibh sé féin ach 13 bliana d´aois nuair a chuaigh sé isteach san IRA.

1977, ar dheis

Bhí Mac Giolla Bhríde ina phoblachtach diongbháilte, mar bhall d'Óglaigh na hÉireann roimh 1919 (agus 14/15 bliain d'aois aige), d'Óglaigh na hÉireann mar a bhí siad idir 1919 agus 1922 agus de na hÓglaigh frith-Chonartha (an IRA) ó 1922 ar aghaidh.

Rinne sé staidéar ar an dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i lár na 1920idí, cé nár glaodh air chun Bharra na hÉireann ach sa bhliain 1937.

IRA[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thacaigh sé le hEamon de Valera nuair nach raibh sé sásta leis an deighilt pholaitiúil idir Phoblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann, cé go raibh sé ina stócach ag an am.

Níos déanaí, bhí MacBride ina bhall sinsearach den IRA agus ina Cheann Foirne air ó 1936 go 1937.

Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh gur glacadh le Bunreacht na hÉireann i 1937, d'fhág Mac Giolla Bhríde an IRA chun slí bheatha a bhaint amach sa dlí. Is minic a bhí sé ag cosaint poblachtaigh (rud a rinne sé ar feadh a shaoil oibre); chosain sé príosúnaigh de chuid an tIRA a bhí daortha chun báis. Bhí rath air go tapa, leis an toradh gur glaodh chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1943.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis An Dara Cogadh Domhanda, bhí MacBride i measc na ndaoine a bhunaigh Clann na Poblachta sa bhliain 1946. Toghadh chun Dáil Éireann é an bhliain dár gcionn. I ndiaidh olltoghchán 1948, rinneadh an tAire Gnóthaí Seachtracha sa Chéad Chomhrialtas de, sa chéad rialtas idirpháirtí in Éirinn ó 1948 go 1951.

Bhí MacBride cráifeach go smior[3][4] agus i bhfad amach ar an eite dheis i dtaobh cúrsaí shóisialta. Bhí MacBride agus Browne díreach trasna óna chéile go minic.

Thit an Comhrialtas sa bhliain 1951 den chuid is mó mar gheall ar an easaontas idir Mac Giolla Bhríde agus a chomhghleacaí sa pháirtí An Dochtúir Noel Browne maidir leis an Scéim "Máthair is Leanbh".

Atoghadh MacBride chun na Dála i 1951 agus 1954 ach theip air i 1957 agus 1961.

1986
Duais Nobel 1974

Cearta daonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí páirt ghníomhach ag MacBride agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine á dhréachtú agus á ghlacadh, go mór mór nuair a bhí sé ina uachtarán ar Choiste Airí Chomhairle na hEorpa (1949-50).

Chomh maith lena obair ag an mBarra, lenar lean sé ar aghaidh, bhí Mac Giolla Bhríde i measc na ndaoine a bhunaigh Amnesty International agus ina chathaoirleach idirnáisiúnta air ó 1961 go 1974.

Bhí sé ina ardrúnaí ar Choimisiún Idirnáisiúnta na nDlí-Eolaithe ó 1963 go 1971 agus ina Chathaoirleach (1968-74) agus ina Uachtarán (1974-85) ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin.

Coimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh na Namaibe ab ea é, idir 1973 agus 1977.

Sa bhliain 1974, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar MacBride mar gheall ar an dea-obair a rinne sé ar son cearta daonna thar na blianta. Bronnadh Duais Leinín Idirnáisiúnta um Shíocháin air sa bhliain 1977.

Ina theannta sin, dhréachtaigh sé Prionsabail Mhic Giolla Bhríde, maidir leis an bhfostaíocht chothrom i dTuaisceart Éireann. Bhí sé go mór i bhfách leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus chuir sé in éadan an colscaradh a thabhairt isteach.

Lean sé ar aghaidh ag dlíodóireacht go dtí deireadh a shaoil beagnach agus phléadáil sé go leor cásanna tábhachtacha.

D'éag MacBride ina theach Caisleán Reabóige, Cluain Sceach, ar an 15 Eanáir 1988.

Cásanna tábhachtacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Re Ó Laighléis (1957), O'Donovan v AG (1961), Deaton v AG (1962), Ryan v AG (1964), The State (Quinn) v Ryan (1964), McGee v AG (1973), The State (Healy) v Donoghue (1976), The State (Lynch) v Cooney (1982), The State (Trimbole) v Governor of Mountjoy Prison (1985) agus Russell v Fanning (1988).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Nobel Peace Prize 1974" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Seán MacBride" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  3. John Bowman (13 Samhain 1999). "At the disposal of the archbishop" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-03-09.
  4. Elizabeth Keane (2004). "'Coming Out of the Cave': The First Inter-party Government, the Council of Europe and NATO, Irish Studies in International Affairs, Iml 15, ch 167-190". Dáta rochtana: 2024.