John MacBride (réabhlóidí)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn MacBride

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Bealtaine 1868
Cathair na Mart Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Bealtaine 1916
47 bliana d'aois
Príosún Chill Mhaighneann Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Naomh Maolmhaodhóg Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhíleata
Céim mhíleatamaor Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtDara Cogadh na mBórach
Teaghlach
CéileMaud Gonne Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSeán MacBride Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 4271 Cuir in eagar ar Wikidata

Poblachtach Éireannach a bhí i Maor Seán Mac Giolla Bhríde (Béarla: Major John MacBride, nó feictear an litriú mícheart McBride freisin) (7 Bealtaine 18655 Bealtaine 1916), a cuireadh chun báis tar éis dó páirt lárnach a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916.

Ba pholaiteoir Éireannach é a mhac Seán Mac Giolla Bhríde, le Clann na Poblachta.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Mac Giolla Bhríde chun saoil ins an Ché i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo, mac le Pádraig Mac Giolla Bhríde, siopadóir agus fear trádála, agus a bhean Honoria Gill, a mhair i ndiaidh bhás a mic. Ó na mBráithre Críostaí i gCathair na Mart agus Coláiste Naomh Maoileachlainn i mBéal Feirste a fuair sé a chuid scoláireachta. Bhí post aige tráth i siopa éadaitheoireachta i gCaisleán Riabhach, Contae Ros Comáin. Bhí staidéar leighis déanta aige chomh maith, ach d'fhág sé é ina dhiaidh chun dul ag obair mar phoitigéir i mBaile Átha Cliath.

Nuair a bhí sé bogtha go dtí an ardchathair, liostáil sé le Bráithreachas na Poblachta agus bhí baint aige le Mícheál Ó Cíosóig agus an Cumann Lúthchleas Gael ag teacht ar an bhfód. Chuaigh sé isteach fosta i gCumann Liteartha Gaelach, áit ina bhuail sé don chéad uair le hArt Ó Gríofa, duine a fhanfadh mar dlúth chara leis go deireadh a shaoil, agus duine a d'imir an-tionchar air. Ón bhliain 1893 ar aghaidh, bhí Mac Giolla Bhríde aicmithe mar "náisiúnaí cóngarach" ag rialtas na Breataine. Sa bhliain 1896, sheol sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son Bhráithreachas na Poblachta. Tar éis dó filleadh abhaile, d'fhág sé ar imirce go dtí an Afraic Theas.

Dara Cogadh na mBórach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac sé páirt i nDara Cogadh na mBórach, áit ina bhunaigh sé an Bhriogáid Transvaal Éireannach. Cé go bhfuil aithne agus cáil air mar bhriogáid Mhic Ghiolla Bhríde, b'é an Gael-Mheiriceánach John Blake, iar-oifigeach de chuid Arm na Stát Aontaithe, a bhí ina chéad cheannfort air. Fuair an Bhriogáid aitheantas oifigiúil ón Rialtas Bórach agus coimisiúnaíodh Mhic Ghiolla Bhríde le céim mhaoir in Arm na mBórach. Bronnadh saoránacht Bhórach air freisin.

Sa chogadh seo, throid na cúig chéad Éireannaigh agus Gael-Mheiriceánaigh in aghaidh na Sasanach. Go minic, bhí na cománlaigh Éireannacha seo i mbun troda go díreach i gcoinne reisimintí Éireannacha, ar nós na Dublin Fusiliers agus na Inniskillings. Anuas ar seo, b'iomaí Éireannach a bhí ag troid ar son na Sasanach, in éadan bhriogáid Mhic Ghiolla Bhríde agus na mBórach.

Nuair a bhí mí na Bealtaine 1900 ann, bhí scoilt tar éis teacht sna chománlaigh Éireannacha agus roinneadh iad ina dhá Bhriogáid Transvaal Éireannach. Bhí forbairtí eile a chuir seachrán orthu chomh maith, mar shampla an "Irish-American Ambulance Corps" a bhí tagtha isteach sa champa Éireannach, agus ina theannta sin an nuacht gur shroich an náisiúnaí Michael Davitt príomhchathair na mBórach. Thall abhaile in Éirinn ag an am céanna, bhí Art Ó Gríofa agus Maud Gonne i mbun stocaireachta ar son Rialtas na mBórach. Ceann de na gluaiseachtaí ba mhó agus ba fhoréigní san Eoraip a bhí ann, agus cleachtas maith do himeachtaí na bliana 1916.

Pósadh le Maud Gonne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis deireadh an chogaidh, thaisteal Mac Giolla Bhríde go Páras na Fraince agus b'ann a phós sé an náisiúnaí Éireannach Maud Gonne sa bhliain 1903. Chas an bheirt ar a gcéile don chéad uair sa bhliain 1900, agus le Gonne mar bhean aige bhuail sé le W. B. Yeats. An bhliain dár gcionn rugadh mac leo, ar ar thugadar Seán. Theip ar an bpósadh, ámh, agus d'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath le líomhaintí maidir le foréigean baile curtha ina leith. Scar Gonne ó Mhac Giolla Bhríde, agus níor phós sí arís.

Éirí Amach na Cásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Mac Giolla Bhríde ar dhuine den líon beag de cheannairí Éirí Amach na Cásca nach raibh ina bhall d'Óglaigh na hÉireann, ach cuireadh é go díreach isteach san aicsean sa phríomhchathair, gan mórán rabhaidh. In ainneoin sin, chuir sé a a chabhair ar fáil gan mhoill do Thomás Mac Donnchadha, agus ceapadh é mar an dara duine i gceannas ar Monarcha Jacob's. Tar éis an éirí amach, cuireadh é os comhair chúirt airm faoi na "Defence of The Realms Acts", agus daoradh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann é.

Príosún Chill Mhaighneann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príosún Chill Mhaighneann

Thug sé aghaidh ar an scuaid báis ar an 5 Bealtaine 1916, dhá lá roimh chomóradh a 51ú bhreithlá. Dhiúltaigh sé an púicín, ag rá "I have looked down the muzzles of too many guns in the South African war to fear death and now please carry out your sentence." Tá sé curtha i Reilig Chnoc an Earbair (Baile Átha Cliath).

Ni raibh ag Yeats ach gráin ar Sheán Mac Giolla Bhríde le linn a shaoil, de bharr na ráflaí a bhí ag dul timpeall faoin chaoi ina chaith sé leis a bhean, agus a ghrá féin don bhean céanna. Thug sé an t-adhmholadh défhiúsach seo a leanas dó ina dhán "Easter, 1916":

"This other man I had dreamed
A drunken, vain-glorious lout.
He had done most bitter wrong
To some who are near my heart,
Yet I number him in the song;
He, too, has resigned his part
In the casual comedy;
He, too, has been changed in his turn,
Transformed utterly:
A terrible beauty is born."

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]