Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceardchumann Éireannach ab ea é Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (Béarla: Irish Transport and General Workers' Union), a bhí bunaithe ag Séamas Ó Lorcáin i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1908. D'fhás sé go tapaidh, agus bhí an eagraíocht i lár Frithdhúnadh Mór Bhaile Atha Cliath sa bhliain 1913.

Mhair sé go dtí an bhliain 1990, nuair a aontaíodh é le Cumann Oibrithe na hÉireann chun an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU) a chruthú.