Dónall Ó Conaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dónall Ó Conaill.

Polaiteoir Éireannach as Ciarraí ab ea Dónall Ó Conaill (6 Lúnasa, 177515 Bealtaine, 1847). Ba dhaoine saibhre iad muintir Uí Chonaill. Chuaigh Dónall ar an ollscoil, agus bhain sé amach céim dlí. Rinneadh abhcóide de. Chuaigh sé le polaitíocht níos déanaí. Bhí sé i gcoinne Acht an Aontais, agus d’oibrigh sé go dian chun saoirse na gCaitliceach a bhaint amach, iarracht ar a dtugtar Fuascailt na gCaitliceach. Toghadh é go Westminster sa bhliain 1828. Tugadh saoirse iomlán do na Caitlicigh sa bhliain 1829. Cailleadh an Conallach in 1847, agus cáil air ar fud na hEorpa faoin am sin.

Clár ábhair

[athraigh] Breith agus oideachas

Rugadh Ó Conaill láimh le Cathair Saidhbhín sa bhliain 1775. D'fhreastail sé ar scoil scairte i gContae Chorcaí ar dtús. Níos déanaí, chuaigh sé thar lear go dtí an Fhrainc chun staidéar a dhéanamh ar an dlí.

[athraigh] Ó Conaill agus an Ghaeilge

Tá a lán scéalta béaloidis ann a thugann le fios go raibh an Ghaeilge go paiteanta aige, agus é sásta úsáid a bhaint aisti mar theanga rúnda. San am céanna, bhí sé den tuairim go raibh an Béarla ní b'úsáidí agus ní b'oiriúnaí don tsochaí chomhaimseartha a bhí ag forbairt agus ag dul chun tionsclaíochta, agus é ag tabhairt le fios gur rud maith, nó rud nádúrtha ar a laghad, a bheadh ann dar leis féin dá rachadh an Ghaeilge in éag. Bhí an dearcadh seo ag teacht leis an aisling a bhí aige i gcúrsaí eile freisin: dúirt sé go hoscailte go raibh sé ag teastáil uaidh "Briotanaigh thiar" nó West Britons a dhéanamh de na Gaeil - is é sin, daoine a mbeadh cearta sibhialta, teanga agus cultúr na Sasanach acu.

[athraigh] Scéal tipiciúil béaloidis faoin gConallach agus an Ghaeilge

Fuair Dónall Ó Conaill cuireadh dinnéir i Londain agus cuireadh nimh ina chupán. Ach bhí cailín ó Éirinn ann agus bhí Gaeilge aici. Bhí a fhios aici go raibh an nimh curtha ina chupán agus theastaigh uaithi gaoth an fhocail a thabhairt do Dhónall. Bhí Dónall ann agus é ar chlíothán an bhoird, agus tháinig an cailín agus gach aon ní aici á chur ar an mbord i gcóir an dinnéir; agus bhí stíobhard ag socrú an bhia - a phláta féin agus a chupán féin aige á chur ar a aghaidh amach. Ghabh an cailín isteach agus labhair sí:

"A Dhónaill Uí Chonaill, an dtuigeann tú Gaeilge?"

"Tuigim go maith í, a chailín ó Éirinn."

"Tá nimh i do chupán a mharódh na céadta!"

"Maith tú, a chailín, is tabharfaidh mé spré duit."

Thóg sé a chupán féin agus chuir sé anonn é go tiubh agus thóg sé cupán eile. Maraíodh fear eile ansin ina ionad féin.[1][2]

[athraigh] Fuascailt na gCaitliceach

Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh iomlán a chur leis na Péindlíthe. Bhunaigh sé Compántas na gCaitliceach sa bhliain 1823 chun an cuspóir seo a bhaint amach. D'eagraigh sé cruinnithe ollmhóra oscailte ar fud na hÉireann. Bhíodh na mílte duine i láthair le cluais éisteachta a thabhairt dó.

Is léir go ndeachaigh na sluachruinnithe seo go mór mór i gcion ar mhuintir na hÉireann chomh maith le hilmheáin (nuachtáin) na linne, ach lenár linn féin, is minic a fuair lucht athbheochana na Gaeilge locht ar an gConallach, ó nach labhraíodh sé ach Béarla le lucht a éisteachta, fiú in Iarthar na hÉireann, áit nach raibh "léann ná Béarla" ag an gcuid ba mhó den chosmhuintir. Is é an míniú is minicí a thugtar ar an mBéarlóireacht seo ná go raibh sé ag díriú ar na nuachtáin. Is é sin, ní raibh gá leis an nGaeilge, ó bhí na Gaeilgeoirí bochta ag tacú leis cheana féin, ach san am céanna, bhí gá leis an mBéarla, ó chaithfeadh sé lucht léite na nuachtán a chur ar athrú comhairle faoi chúis na gCaitliceach. B'é oighear an scéil, áfach, ná gur thosaigh cainteoirí dúchasacha na Gaeilge ag ceapadh gurbh é an Béarla teanga na polaitíochta, ó nach raibh ach Béarla á labhairt ag fear a n-ionadaíochta féin.

Bhailigh sé pingin amháin in aghaidh na míosa ó gach ball den Chompántas. Tugadh "an Cíos Caitliceach" ar an airgead seo toisc gur ghnách é a bhailiú Dé Domhnaigh ag doras an tséipéil.

Sheas an Conallach sna toghcháin i gContae an Chláir sa bhliain 1828. Bhuaigh sé an toghchán, ach ní raibh cead ag Caitliceach ar bith bheith ina bhall den Pharlaimint Ghallda ag an am sin. Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an rialtas Gallda go mbeadh éirí amach eile ann in Éirinn dá ndiúltófaí ionadaí na hÉireann faoina cheart. Bhí a aidhm bainte amach ag an gConallach ansin.

[athraigh] Aisghairm Acht an Aontais

Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh a chur le hAcht an Aontais. Thaistil sé ar fud na hÉireann agus é ag labhairt leis an gcosmhuintir ag a chuid cruinnithe móra millteanacha. Bhí timpeall is 250,000 duine i láthair ag ollchruinniú de chuid an Chonallaigh i dTeamhair ar an 15 Lúnasa 1843. Gheall sé do mhuintir na tíre go gcuirfí Acht an Aontais ar ceal.

D'eagraigh sé cruinniú ollmhór ar an 8 Meán Fómhair i gCluain Tarbh, agus an chuma ar an scéal go mbeadh na céadta míle de dhaoine i láthair. Bhí eagla ar rialtas na Breataine mar mheas siad go raibh sé ag éirí róchumhachtach. Cuireadh saighdiúirí agus longa breise go Baile Átha Cliath agus chuir príomh-aire na Breataine, Sir Robert Peel, cosc ar an gcruinniú. Níor ghlac an Conallach le foréigean, nó níor theastaigh uaidh cogadh a chothú. Mar sin, bhí sé sásta an cruinniú a chealú. De bharr an chineál seo géilliúlachta, áfach, thosaigh an Conallach ag cailleadh na gnaoi a bhí ag muintir na hÉireann air go dtí sin.

Dealbh chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath ar Shráid Uí Chonaill, le John Henry Foley

Gabhadh an Conallach, cuireadh tréas ina leith air agus gearradh bliain príosúnachta air. Scaoileadh saor é nuair a bhí trí mhí caite aige sa phríosún, áfach .

[athraigh] Bás agus Oidhreacht

Fuair Ó Conaill bás agus é ar oilithreacht go dtí an Róimh. Bhí sé 71 bliain d'aois. Cuireadh a chorp san uaigh i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Ó chaith an Conallach dúthracht a shaoil ag iarraidh cearta sibhialta a bhaint amach do na Caitlicigh, tugtar an Liberator air as Béarla. Is é an gnáth-théarma Gaeilge a úsáidtear inniu leis an Liberator a aistriú ná an Fuascailteoir, ach deir Ríonach Uí Ógáin ina leabhar faoin gConallach i mbéaloideas na hÉireann, Immortal Dan, gurbh é an Saoirseoir an leagan is minicí a bhíonn sa bhéaloideas, mura mbaintear úsáid as an bhfocal Béarla scun scan.

Tugtar Sráid Uí Chonaill ar na príomhshráideanna i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach agus ar shráideanna i roinnt bailte eile in ómós dó.

[athraigh] Tagairtí

  1. Foinse 1: Leathanach a 315 sa leabhar: Seanachas ó Chairbre 1. Seán Ó Cróinín a thóg síos, Donncha Ó Cróinín a chuir in eagar. Comhairle Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 1985. Caighdeánaíodh an sliocht seo le haghaidh na Vicipéide.
  2. Foinse 2: Leathanach a 268 sa leabhar: O'Donnell, Jim, agus Seán de Fréine: Ciste Cúrsaí Reatha. An Foras Riaracháin, Baile Átha Cliath 1992.
Do chuid uirlisí