Seán Ó Dubhuí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Ó Dubhuí, 1842 - 1928.

Réabhlóidí agus deoraí Éireannach ab ea é Seán Ó Dubhuí (1842 - 29 Meán Fómhair, 1928), nó John Devoy as Béarla.

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh Seán Ó Dubhuí in aice leis an gCill i gContae Chill Dara sa bhliain 1842. Chuaigh sé go dtí an Fhrainc sa bhliain 1861, agus chuaigh sé isteach i Léigiún Coigríochach na Fraince. Chaith sé bliain amháin ag troid san Ailgéir, sular bhog sé ar ais go hÉireann chun a bheith ina eagraí leis na bhFíníní in Nás, Contae Chill Dara.

Nuair a cuireadh roinnt maith de na ceannairí faoi ghlas sa bhliain 1865, rinne Séamas Mac Stiofáin (an duine a bhunaigh Bráithreachas na Poblachta) Ard-Eagraí na bhFíníní in Arm na Breataine de in Éirinn. An post a bhí le déanamh aige ná chuir ina luí ag Éireannaigh san airm teacht isteach san IRB. I mí na Samhna na bliana sin, b'é Ó Dubhuí a bhí taobh thiar éalú Mhic Stíofáin ó Phríosún Richmond i mBaile Átha Cliath. I mí Feabhra 1866, bhí plean ag Comhairle Chogaidh an IRB éirí amach a dhéanamh láithreach, ach níor aontaigh Séamas Mac Stíofáin leo. Bhí fearg ar Ó Dubhuí, mar bhí suas le 80,000 fear aige in airm na Breataine a bhí réidh. Pé scéal é, fuair na h-údaráis eolas faoin scéim, agus sheol siad na Fíníní san airm thar lear. Gabhadh Ó Dubhuí, agus caitheadh é i bPríosún Mhuinseo.

Ligeadh amach Ó Dubhuí i mí Eanáir 1871, agus seoladh é ar deoraíocht go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cuireadh fáilte mhaith roimhe, agus fuair sé óráid fáilteach ó dTeach na nIonadaithe. Thóg sé post mar iriseoir leis an nuachtán New York Herald, agus bhí sé gníomhach le Clan na Gael. Sa bhliain 1875, rinne sé scéim nua chun seisear Fíníní a bhris amach as Príosún Fremantle san Astráil. Thug sé cuairt ar Éireann arís sa bhliain 1879, agus bhuail sé le Séarlas Ciceam, Seán Ó Laoire agus Mícheál Dáibhéad.

Cé go raibh sé ar ais i Meiriceá, ghlac Ó Dubhuí páirt beag in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Tháinig Pádraig Mac Piarais chun buaileadh leis sa bhliain 1914, agus bhí sé ag obair le Ruairí Mac Easmainn ag bailiú airgid chun gunnaí a cheannach d'Óglaigh na hÉireann. Bhí Ó Dubhuí beagán idir dhá chomhairle faoin scéim, ach thug sé airgead do Mac Easmainn agus é ag dul go dtí na Gearmáine chun cabhair a fháil.

D'fhill Ó Dubhuí ar ais go hÉireann arís sa bhliain 1919, agus thóg sé óráid i nDáil Éireann. Bhí sé i bhfabhar an Chonartha Angla-Éireannaigh nuair a síníodh é sa bhliain 1921. Ó 1903 amach, bhí ina eagarthóir ar an Gaelic American. Cailleadh é i Nua-Eabhrac sa bhliain 1928, agus tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon.