Father Ted

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba shraith teilifíse grinn é Father Ted léirithe ag Channel 4 na Breataine sna 1990í le haisteoirí Éireannacha Dermot Morgan le ról athair Ted Crilly, Ardal O'Hanlon le ról Athair Dougal McGuire, Frank Kelly le ról Athair Jack Hackett agus Pauline McLynn le ról Mrs. Doyle. Is sagairt Chaitliceacha iad Ted, Dougal agus Jack agus is í Mrs. Doyle bean an tí. Tá siad ina gcónaí i dteach paróiste ar Craggy Island in iarthar na hÉireann. Is ceann de na sraitheanna teilifíse ó na 1990í ar a bhfuil an-mheas é an tsraith. Cuireadh amach é ar dtús ar Channel 4 ó Aibreán 1995 go Bealtaine 1998. Bíonn sé le féachaint go fóill ar chainéil sa Bhreatain is in Éirinn.