Maria Doyle Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is aisteoir agus amhránaí duaisbhuaiteach Éireannach í Maria Doyle Kennedy. Rugadh í faoin ainm Maria Josephine Doyle ar an 25 Meán Fómhair 1964 i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath, Éire. Is as a rólanna sa tsraith úd The Tudors mar Queen Katherine of Aragon, ról sa tsraith Downton Abbey agus ról sa scannán The Commitments is mó atá cáil uirthi. Tá sí pósta le Kieran Kennedy, ceoltóir. Tá Gaeilge aici agus ghlac sí ról sa chlár Corp + Anam ar TG4.