Frank Kelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aisteoir, amhránaí, coraí, scríbhneoir agus fuirseoir Éireannach is ea é Proinsias Ó Ceallaigh (nó Frank Kelly mar a thugtar air as Béarla, 28 Nollaig 1938 a rugadh é) le slí bheatha a chlúdaíonn teilifís, raidió, drámaíocht, ceoil, scríbhneoireacht scathán agus scannán. Tá sé is suntasach don a chuid ról mar 'Father Jack Hackett' sa clár teilifís greann Father Ted. Is é mac leis an cartúneoir Charles E. Kelly fosta.

Clár ábhair

[athraigh] Slí Beatha

[athraigh] Drámaíocht

Tá éagsúlacht leathan ról drámaithe aige i rith a slí bheatha, agus thug sé camchuairt go forleathan ar na Stáit Aontaithe agus ar Ceanada.

[athraigh] Scannáin

Bhí a chéad ról riamh i scannáin nó ar teilifís mar phríosúnach gan creidmheas san 'Italian Job' os comhair Noel Coward mar 'Mr. Bridger'. Bhí páirt aige sa scannáin 'Taffin' i 1982. Bhí páirt eile aige sa scannáin 'Rat' i 2000 agus san gearrscannán Yu Ming Is Ainm Dom.

[athraigh] Teilifís

Réaltaigh sé sa clár páisteach coitianta RTÉ 'Wanderly Wagon' in aice le Eugene Lambert agus Nora O' Mahoney idir 1968 agus 1982, ag drámú cúpla rólanna éagsúla agus ag scríobh chuid mhór de na scéaltaí.

Thug a chuid oibre ar 'Halls Pictorial Weekly' a lán suntas dó, go h-áirithe lena ról mar Pharnell Mooney, magadh faoi Comhairleoir Chontae amaideach ón tuaithe.

Go luath sna hochtóidí bhí sé páirteach sa tsraith theilifíse Gaeilge 'Irish Anois', ag labhairt ar ghuthán agus de réir a chéile ag cur isteach tuilleadh phrásaí Gaelacha.

Sa bhliain 2001, bhí páirt eile aige mar an sagart Father Pickle sa tsraith theilifíse Lexx, i sraith a 4, cuid a 6.

Bhí ról an-tábhachtach ar fad aige i 2003 mar ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa tsraith theilifíse chonspóideach Sasanach The Deal.

I 2007 bhí sé ag aisteoireacht sa dráma polaitiúla Running Mate, faoi feachtas toghcháin. Bhí páirt eile aige sa clár greann Paddywhackery chomh maith ar TG4.

Go minic déanann sé obair guthanna agus fógraíocht agus le déanaí, bhí sé in aice le Mr Tayto san feachtas coitianta do criospaí Tayto.

[athraigh] Father Ted

D'ainneoin a slí bheatha éagsúla, is é an rud is suntasaí a rinne sé ná a chuid oibre ar an gclár grinn 'Father Ted' mar an sagart 'Father Jack Hackett', saofóir, meisceoir agus seanfhear, lena cúpla focail 'drink', 'feck' agus 'arse'. Ar dtús bhí sé á craoladh ó Mí Aibreáin 1995 Mí na Mí 1998. Deirtear gur chaith sé lionsaí tadhaill (chun súil dall Father Jack a thaispeáint), agus tá sé ráite aige freisin nár féidir leis caint le héinne nuair a bhí sé ina smideadh mar Father Jack ,dá bhrí a shamhail eaglach.

[athraigh] Taifead

Scaoil sé singil don Nollaig, 'Christmas Countdown', bunaithe ar na 12 laethanta na Nollag, a shroich uimhir a 8 sna cairteacha singil Éireannach i 1982 agus ag 34 sna cairteacha singil neamhspleách Sasanach, agus albam, Comedy Cowntdown, ina raibh sketch ón a chlár raidió The Glen Abbey Show . Bhí an seó sin á craoladh ag 2:30 gach lá seachtaine i richt na 70í.

[athraigh] Greann Raidió

Tosaítí chuid mór den a skecthí raidió coitianta leis an fhuaim dó ag cur isteach boinn i seanbhosca freckle, agus nuair a freagraíodh an guthán deireadh sé 'Hello, guess who! Is that you Nuala?' D'imir sé an pháirt de tuairisceoir áitiúla BBC, ag déanamh agallaimh le muintir na tuaithe faoi nósanna áitiúla, mar ag féachaint ar bágún á sliseadh nó comórtais ha-hooing (ag lig screadaíl réabhlóideach). De gnáth, 'Ballykillferrit' a tugtar ar an t-stráidbhaile agus bhí sé suite i Phoblacht Eer-ah (droch-fhuaimneach ar an fhocal ceart as Gaeilge, Éire.) Scaoileadh bailiúcháin dá phíosaí grinn ar CD timpeall 2000. Bhí Ayotollah Céillí Band, Magnum Farce, Incoming Call, Festive Spirit, Him of Praise, Call of the Wild, Festive Note agus Siege Mentally roinnt de na rianta a bhí ar an diosca.

[athraigh] Dámhactáin

Bhuaigh Ó Ceallaigh an dámhachtain 'Jacob's' sa bhliain 1974 mar aitheantas ar a chuid oibre ar 'Hall's Pictorial Weekly'.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile