Dermot Morgan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba fhuirseoir Éireannach é Dermot Morgan (Gaeilge: Diarmaid Ó Muireagáin) (3 Márta, 1952 - 28 Feabhra, 1998), a rugadh agus tógadh i mBaile Átha Cliath. Iar-mhúinteoir a bhí ann, a chuaigh isteach san fhuirseoireacht agus aisteoireacht tar éis cáil bainte amach aige ar fud na hÉireann ar RTÉ. Tháinig cáil idirnáisiúnta dó nuair a chuir sé i láthair Father Ted Crilly ar an sraith teilifís Father Ted sna 1990idí.