Fuirseoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmFuirseoir
Cineál fostaíochta
aisteoir
Réimse oibre
coiméide
Fuirseoir i mbun a cheirde

Is ionann FuirseoirFear grinn agus duine a chuireann siamsaíocht ar fáil do lucht féachana trín iad a chur ag gáire. Is gnách go n-íoctar an duine as an obair seo. Déantar é seo trí scéalta grinn a insint nó trí eachtraí áiféiseacha a chur ar siúl nó trí ghreann ropánta. Tugtar 'fuirseoir ar a bhoinn' ar fhuirseoir a bhíonn ag caint go díreach leis an lucht féachana os a c(h)omhair, agus é/í á c(h)ur féin in iúl.

Bíonn stíleanna grinn difriúla ag na fuirseoirí éagsúla. Bíonn blas na polaitíochta agus cúrsaí reatha ar ghreann Bill Maher agus George Carlin i Meiriceá, agus bhí an aoir pholaitiúil le sonrú go mór ar ghreann an fhuirseora Éireannaigh, Dermot Morgan. Ach bíonn an greann ag leithéid Tommy Tiernan bunaithe ar a shaol féin nó ar chúrsaí an tsaoil, áit a mbeadh leithéidí Ross Nobel ag baint leasa as áiféis chun daoine a chur ag gáire. Cuireann fuirseoirí iad féin i láthair go beo, nó ar an raidió nó ar an teilifís go minic. Is minic go mbíonn an chuid is mó fuirseoirí ag déanamh a gcoda agus iad ag dul ar camchuairt lena seó féin ar fud na tíre nó ar fud an domhain, go háirithe ag Féiltí Grinn a bhíonn á reáchtáil ar fud an domhain.

Tá rath mór ar ghnó na fuirseoireachta in Éirinn i láthair na huaire. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag go leor fuirseoirí Éireannacha agus duaiseanna idirnáisiúnta amhail Duais Grinn Perrier, buaite ag breis is duine amháin acu.

San áireamh leis sin, tá cáil idirnáisiúnta ar na himeachtaí agus ar na féilte grinn a chuirtear ar siúl go bliantúil in Éirinn, amhail Féile Ghrinn Chill Chainnigh agus Féile Ghrinn Bulmers i mBaile Átha Cliath (luaite thíos).

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]