Mícheál Ó Muircheartaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mícheál Ó Muircheartaigh
Dáta breithe 29 Lúnasa, 1930
  Dún Síon, an Daingean, Contae Chiarraí
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Craoltóir, tráchtaire raidió agus teilifíse
Céile Helena McDowell

Is tráchtaire raidió agus teilifíse le RTÉ ar na gCluichí Gaelacha é Mícheál Ó Muircheartaigh a rugadh i nDún Síon, gar don Daingean i gContae Chiarraí ar an 29 Lúnasa, 1930. Thosaigh Ó Muircheartaigh ag obair sna chluichí mionúr ar dtús, ag labhairt as Gaeilge (cainteoir dúchais is ea é). Tar éis tamaill, ghlac sé áit Mhíchíl Uí Eithir mar phríomh-thráchtaire ar RTÉ.

Foilsíodh a dhírbheathaisnéis From Dún Síon to Croke Park sa bhliain 2004.

Luathshaol[athraigh | edit source]

Rugadh Mícheál Ó Muircheartaigh i nDún Síon, taobh amuigh den Daingean i gContae Chiarraí sa bhliain 1930, an ceathrú as ochtar clainne. Mar a bhí coitianta sna laethanta seo, ní raibh raidió ar bith sa theach, ach fuair sé a chéad bhlas de agus é ag éisteacht le ceann de chuid na ndaoine béal-dorais sa bhliain 1939. Ó shin i leith, bhí sé faoi gheasa ag an raidió, agus guth Mhíchíl Uí Eithir ach go háirithe.

Tógadh ar fheirm a mhuintire é, agus d'fhreastail sé ar an scoil áitiúil sa Daingean.

Oideachas agus múinteoireacht[athraigh | edit source]

I Mí Mheán Fómhair na bliana 1945, chuaigh sé isteach mar scoláire ag Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne, cuid de Ghaeltacht Chorcaí. Scoil lán-Ghaelach a bhí ann, áit ina oileadh é chun a bheith ina mhúinteoir. I mí Mheán Fómhair na bliana 1948, chuir sé tús lena bhliain dheireanach ag Coláiste Pádraig i mBaile Átha Cliath.

Ó thaobh a shlí bheatha laethúil de, bhain sé céim amach ó Choláiste Pádraig ní ba dhéanaí, mar aon le Baitsiléir Ealaíon ó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Mhúin sé eacnamaíocht, cuntasaíocht agus an Ghaeilge sna bhunscoileanna agus meánscoileanna ar fud Bhaile Átha Cliath, an chuid ba mhó dóibh faoi stiúir na mBráithre Críostaí. D’fhan sé sa ghairm seo go dtí na 1980idí, nuair a ghlac sé post lán-aimseartha le Raidió Teilifís Éireann.

Craoltóireacht[athraigh | edit source]

I Mí Mhárta na bliana 1949, chuaigh seisean agus deichniúr eile ón choláiste – agus ó choláistí eile – go dtí Páirc an Chrócaigh chun triail tráchtaireachta dhéanamh ar chluiche iomána áirithe. Bhí orthu trácht cúig nóiméad den chluiche a dhéanamh as Gaeilge, agus ghlacfaí an duine ab fhearr le haghaidh obair tráchtaireachta eile as seo amach. Ní mó ná sásta a bhí sé ar dtús, Ciarraíoch a bhí gafa go hiomlán leis an chaid, agus nár chaith súil ariamh ar chluiche na liathróide bige.

I ndeireadh na dála, rinne sé an beart agus roghnaíodh é mar tráchtaire rialta. Ghlac sé a áit sa bhosca tráchtaireachta don chéad uair ar Lá Fhéile Pádraig na bliana 1949, ag cur i láthair trácht lán-Ghaelach ar chluiche ceannais Chorn an Iarnróid.

Ag tús a ghairme mar thráchtaire, dhírigh sé ar na cluichí mionúir CLG amháin, ag cur na cluichí móra i láthair trí mheán na Gaeilge. Ghlacfadh sé ait a laoch Mícheál Ó hEithir anois is arís chomh maith, nuair a bhí seisean as láthair. Faoi deireadh, d’éirigh Ó hEithir as sna hochtóidí, agus tháinig sé isteach ina ait mar phríomh-thráchtaire na gcluichí Gaelaí sa tír.

Thar na blianta, chothaigh sé a stil aithnidiúil féin, ceann a chuaigh go mór i gcion ar éisteoirí - lucht leanta an CLG, agus muintir na tíre chomh maith. Aithnítear a ghuth sainiúil ar fud na tíre, ceann le blas mór an chainteora dúchas le cloisteáil ann.

Ar an 16 Meán Fómhair, nocht sé go raibh sé ag éirí as an craoltóireacht. Shuigh sé sa bhosca tráchtaireachta don uair dheireanach i gcomhar cluiche ceannais peile na bliana 2010 ar an 19 Meán Fómhair 2010 [1].

Cursaí eile[athraigh | edit source]

Deirtear go chuirfeadh sé isteach ar ainmniúchán d' Uachtaránacht na hÉireann sa bhliain 2011.[2] Chuir sé é féin as áireamh ar an 26 Lúnasa, agus é faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta. Dhearbhaigh sé nach raibh suim cheart aige san uachtaránacht ar chor ar bith ón tús, agus d'aontaigh sé smaoineamh faoi ar feadh tamaill.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]