RMS Titanic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachRMS Titanic

(10 Aibreán 1912) Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmTíotán Cuir in eagar ar Wikidata
LongchlósHarland and Wolff Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir a shanntar ag an longchlós401 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit táirgtheBéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Costas7,500,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
D'ordaigh
17 Meán Fómhair 1908
Leag an cíle
31 Márta 1909
Seoladh loinge
31 Bealtaine 1911
Iontráil i seirbhís
31 Márta 1912
Céad aistear
Aibreán 1912
Longbhriseadhimbhualadh,
14 Aibreán 1912

41°43′57″N 49°56′49″W / 41.7325°N 49.946939°W / 41.7325; -49.946939 Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir/í

Ceann scríbetuairt Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
Cineállínéar ceithre tonnadóir
long bhriste (1912–) Cuir in eagar ar Wikidata
AicmeOlympic-class ocean liner (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Díláithriú52310 t Cuir in eagar ar Wikidata
Fad269.1 m (fad iomlán) Cuir in eagar ar Wikidata
Tiomáint
Cumhacht46,000 hp Cuir in eagar ar Wikidata
Luas24 kn Cuir in eagar ar Wikidata
21 kn Cuir in eagar ar Wikidata (a chúrsáil)
Deiceanna9 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainn2,228
892 Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Comhartha glao
Mike
M
Golf
G
Yankee
Y
(Mike-Golf-Yankee)

Hotel
H
Victor
V
Mike
M
Papa
P
(Hotel-Victor-Mike-Papa) Cuir in eagar ar Wikidata

Línéar paisinéirí a bhí sa Titanic a bádh san Atlantach Thuaidh ar 14/15 Aibreán 1912. Bhuail an long ghaile cnoc oighir ar an 14 Aibreán 1912 ar a céad aistear ó Southampton go Nua-Eabhrac, via Corcaigh (Cobh) in Éirinn. Chuaigh sí go grinneall na farraige.

Ba línéar farraige móire de chuid an chomhlachta White Star Line é an Titanic, a tógadh i mBéal Feirste i longchlós Harland & Wolff don chomhlacht taistil White Star Line. Inniu tá an Titanic ar cheann de na longa is cáiliúla ar domhan.

Titanic ag na duganna i mí Aibreáin, 1912.

Tógáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

31 Bealtaine 1911: Lainseáladh an Olympic i longlann Harland agus Wolff i mBéal Feirste.
Edward John Smith

Thóg an long dhá bhliain lena tógáil i longchlós Harland & Wolff, Béal Feirste. Nuair a cuireadh an Titanic chun farraige, ba é an galtán ba mhó ar domhan.

J. Bruce Ismay ː tarcaisniú agus ar deoraíocht i gCasla, gConamara

Turas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhág an stíméar Southampton i Sasana ar a céad turas ar an 10ú Aibreán 1912. Bhí sí ag dul go Meiriceá agus Cathair Nua-Eabhrac. Ar an mbealach, stop sí i gCorcaigh (An Cóbh nó Queenstown ag an am) le níos mó daoine a thógáil.

Nuair a d’fhág an Titanic Éire, bhí 2,228 duine ar bord aici, 1,316 paisinéir agus 885 de chriú.[1] Orthu sin bhí cuid de na daoine ba shaibhre ar domhan, Isidor Strauss ina measc, chomh maith le os cionn 1,000 eisimirceach as Éireann agus Críoch Lochlann a bhí ag dul go Meiriceá ar thóir saol níos fearr. Bhí an chuid is fearr de na seomaí leapa in uachtar na loinge.[2] Bhí go leor daoine bochta ann freisin agus bhí orthu fanacht in íochtar na loinge.

Bhuail an Titanic cnoc oighir ar an 14 Aibreán 1912 ar 11:40 p.m. (am áitiúil)[3]. Rinneadh damáiste mór don long agus bhí sí ag ligean uisce ar bord go tapa. Ar an 15 Aibreán, timpeall 2:20 a.m., chuaigh an línéar go tóin poill.

Cé go raibh gnéithe sábháilteachta d’ardchaighdeán ag an bhád, cosúil le rannóga uiscedhíonacha, ní raibh dóthain bád tarrthála uirthi don méid iomlán daoine a bhí ar bord. Ina theannta sin, bhí an aimsir préachta fuar ag an am. Cuireadh baill an criú agus cuid de na paisinéirí isteach ar na báid tharrthála. Fágadh 90% de na fir ón ísealaicme ar bord na loinge de bharr an prótacail go ligí mná agus leanaí isteach ar na mbáid tharrtháil ar dtús. Iad siúd a chuaigh san uisce, fuair siad bás ón bhfuacht de bharr theocht íseal na farraige.

Bádh 1,514 duine, idir phaisinéirí agus chriú agus tháinig 710 duine slán as.[4] Phioc an RMS Carpathia (de chuid an Cunard Line chomh maith) suas an 710 duine a bhí ar na báid tarrthála. Ar an 18 Aibreán, shroich an Carpathia Nua-Eabhrac.

Bhain an tubaiste croitheadh as daoine ar fud an domhain. Bhí fearg ar dhaoine mar gheall ar an méid daoine a fuair bás de bharr an easpa bád tarrthála agus reáchtáileadh fiosrúcháin phoiblí sa Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá da thoradh sin.

Tar éis na bhfiosrúchán tháinig feabhas mór ar shábháilteacht mara.[1] Tháinig an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir i bhfeidhm sa bhliain 1914. Tá an coinbhinsiún seo fós ag rialú sábháilteacht mara.

31 Bealtaine 1911: Lainseáladh an Titanic i longlann Harland agus Wolff i mBéal Feirste.

Paisinéirí agus criú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Edward John Smith ina chaptaen ar an long. Cailleadh sa tubaiste é.

Cáineadh go mór an banisteoir a bhí i bhfeighil an White Star Line ag an am, J. Bruce Ismay de bharr gur fhág sé an long fad a bhí mná agus leanaí fós ar bord. Chaith sé an chuid eile dá shaol sa bhaile i Costelloe Lodge, Casla i gConamara.[5]

Tá trí reilig Titanic i Halifax, Ceanada, reilig Fairview Lawn, reilig Baron de Hirsh agus reilig Mount Olivet, agus feictear sloinnte Gael go sonrach i measc na leac ann.[6] Is ann a cuireadh an líon is mó de choirp. Tarrtháil na gcorp a bhí mar phríomhchúram ag muintir Halifax, a chuir an fháilte dheireanach roimh phaisinéirí na loinge. Cuireadh cuid de na coirp san fharraige féin agus tógadh 209 corp go Halifax.

Taiscéalaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Titanic fágtha fós ar íochtar na farraige.

2 Aibreán 1912

Go gairid tar éis na tubaiste, thosaigh daoine ag smaoineamh ar raic an Titanic a aimsiú, agus fiú an long a ardú ó ghrinneall na farraige, ach níor aimsíodh an raic go dtí 1985, ag turas taiscéalaíochta comhpháirteach Meiriceánach-Fhrancach. D'aimsigh lucht taiscéalaíochta an Titanic 73 bliain tar éis di dul go tóin poill 650 km amach ó chósta Thalamh an Éisc.

I 1985 tógadh na mílte píosaí amach aisti le cur ar taispeáint in Iarsmalanna ar fud an domhain.

Coinnítear cuimhne Titanic beo trí leabhra, scannáin, taispeántais agus cuimhneacháin.

Miotais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis an Titanic a bheith caillte, tháinig go leor miotas maidir léi chun cinn.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bealach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Comoradh 100 bliain an Titanic | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-15. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  2. cogg.ie. "Taisce Tuisceana". Dáta rochtana: 2020.
  3. Aldridge, Rebecca (2008). The Sinking of the Titanic. New York: Infobase Publishing. ISBN 978-0-7910-9643-7.
  4. "Passengers of the RMS Titanic" (as en) (2020-04-06). Wikipedia. 
  5. "Connemara Luxury Rental five five star Costelloe Lodge Wild Atlantic Way" (en-GB). Costelloe Lodge. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  6. "Fáilte Dheiridh an Titanic" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  7. "Tubaiste eile i nDán don Titanic?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-04-10.