Alfred Chester Beatty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fear gnó agus bailitheoir ab ea Sir Alfred Chester Beatty (187519 Eanáir 1968)

[athraigh] Meiriceá

Rugadh é i Nua Eabhrac sa bhliain 1875. Ba é an duine ab óige be thriúr mac. Bailitheoir stampaí, mianraí agus buidéal snaoise Síneach ab ea é ina óige. Tar éis a chuid scolaíochta i Nua Eabhrac, bhain sé céim amach mar innealtóir miandóireachtaó ó Ollscoil Columbia. Chuaigh sé go Denver agus thosaigh sé ag bun an scála ag sluaisteáil carriage i mianaigh. D’oibrigh sé go dian agus bhain sé clú idirnáisiúnta amach go pras mar innealtóir miandóireachta. Bhí an leasainm 'Rí an Chopair' air. Bhunaigh sé comhairleacht miandóireachta fíor-rathúil i Nua Eabhrac i 1908. Bhí sé pósta le Grace Madeleine Rickard ag an am seo agus bhí beirt pháistí acu. Fuair sí bás le fiabhras tiofóideach sa bhliain 1911, áfach.

[athraigh] An Bhreatain

Agus é in easláinte, chuaigh Beatty go dtí an Bhreatain. Bhunaigh sé comhairleacht nua i Londain agus cheannaigh sé Teach Baroda i nGairdíní Phálas Kensington a bhliain 1912. I 1913, phós sé Meiriceánach eile, Edith Dunn. Bhí sé ag bailiú ar bhonn níos fairsinge anois, agus é ag ceannach lámhscríbhinní Eorpacha agus Peirseacha. Cuireadh a shuimeanna ar bhealach nua nuair a bhí sé féin agus a bhean nua san Éigipt i 1914, mar cheannaigh sé roinnt cóipeanna maisithe den Koran sna basáir. Spreagadh a shuim i bpéintéireacht Shíneach agus Sheaipíneach agus é san Áise i 1917. Tarraingíodh a shúil ar ábhar fíormhaisithe, peannaireacht álainn agus ceangal bhreátha, ach bhí luí aige le téacsanna a chaomhnú dá luacht stairiúil. Rinne Chester Beatty cion mór do sholáthar amhábhar straitéiseach do na Comhghuaillithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus rinneadh ridire de ina dhiaidh sin.

[athraigh] Éire

I 1950, d’aistrigh Chester Beatty a bhailiúchán go Baile Átha Cliath. Bhí leabharlann aige don bhailiúchán, agus osclaíodh í sa bhliain 1954. Bronnadh an chéad saoránacht oinigh Éireannach riamh air I 1957. Fuair Chester Beatty bás sa bhliain 1968, agus tá a uaigh suite i Reilig Ghlas Naíon. Fágadh a bhailiúcháin le huacht chun leas an phobail, agus ceann d’institiúidí náisiúnta na hÉireann is ea Leabharlann Chester Beatty ag Caisleán Bhaile Átha Cliath anois.

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile