Cloch na Rón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cloch na Rón
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Galway Magnified.png
Daonra (2002)
- Baile:
- Tuath:
 
239 
423
Airde: 0 m
Contae: Contae na Gaillimhe
Cúige: Connachta

Baile i gContae na Gaillimhe is ea Cloch na Rón (Roundstone as Béarla). Is áit álainn í Cloch na Rón, atá suite ar bhruach na farraige. Ciallaíonn sé sin "cloch na rónta" ach tá daoine ann a chreideann gur eascair an t-ainm ón gcarraig mhór chruinn atá taobh amuigh den chuan. Bhíodh go leor iascaireacht ar siúl ann go dtí cúpla bliana anuas ach is ar an turasóireacht is mó anois atá na daoine ag brath. Tá roinnt tithe ósta an-mhaithe ann agus tá bia mara ar fáil sna bialanna. Tá clú agus cáil ar an seabhdar i dTí Dowd (go háirithe i measc na dífóranna.) Is fiú dul suas an cnoc taobh thiar den bhaile le breathnú ar na radhairc. Ar lá breá, is féidir sléibhte Chiarraí a fheiceáil, chomh maith le cósta Chontae an Cláir. Sa samhradh is féidir húicéirí a fheiceáil ag rásaíocht ag Regatta Chloch na Rón. Bíonn sé ar siúl ar an tríú deireadh seachtaine de Mhí Iúil.

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh an baile beag seo sa bhliain 1822 nuair a cuireadh tús le tógáil na céibhe, faoi choimirce an Bhoird Iascaigh Mhara. Ba é Alexander Nimmo a dhearadh an chéibh, an innealtóir a dhearadh an t-iarnród idir an Chlochán agus Gaillimh. Cheannaigh Nimmo píosaí talún timpeall na háite agus chuir sé amach ar chíos iad do thionóntaí. Faoin mbliain 1841 bhí 396 duine ina gcónaí ann.

Gailearaí[athraigh | edit source]