Loch Coirib

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Loch Coiribe

Loch Coirib (nó An Choirib) ar cheann de mhór-locha na hÉireann, agus é suite in iarthar na tíre. Tá iascaireacht bhreá ar an loch agus san abhainn (Abhainn na Gaillimhe) ghairid a cheanglaíonn an loch le cathair na Gaillimhe agus Cuan na Gaillimhe. Is iondúil báid aeraíochta ar an loch freisin i rith an tsamhradh.

Bhíodh an t-ainm Loch (n)Oirbsen ar an loch sa sean-am, de réir leabhair Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, ó 1684, agus is as sin a tháinig an ainm Loch Coirib, ó bhrú na litreacha le chéile. Ba ainm a bhí ar Mhanannán mac Lír é Oirbse nó Oirbsiu. Ní úsáidtear an ainm Loch Oirbsen anois i nGaeilge ná i mBéarla le tagairt don loch.