Órán Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An tUarán Mór)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilÓrán Mór

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°16′06″N 8°55′12″W / 53.2683°N 8.92°W / 53.2683; -8.92
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán4,990 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,028.46 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla2.46 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde7 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413949

Baile i gContae na Gaillimhe is ea Órán Mór[1] (Béarla: Oranmore), suite ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe. Leis na forbairtí tithíochta móra le roinnt blianta anuas, tá Órán Mór mar chuid de chrois de comaitéirí na Gaillimhe nó crios fo-uirbeacha na Gaillimhe. Sa bhliain 2004 bhí Órán Mór liostaithe mar cheann de na pobail a bhfuil an líon is airde ioncam in aghaidh an daonra in Éirinn. Tá Órán Mór suite 9 km (6 mhíle) soir ó Chathair na Gaillimhe ar an imeall Chuan Órán Mór, ar Chuan na Gaillimhe.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá athrú tagtha ar fhócas na tionscail áitiúil le déanaí ó thalmhaíocht déiríochta go turasóireacht, déantúsaíocht agus lóistíocht. Tá roinnt páirceanna tionsclaíochta suite in aice leis an sráidbhaile, cosúil le Eastát Tionsclaíochta Pháirc na bhFiann atá ina mol do thionscal le blianta fada. In Órán Mór anois tá ceithre óstán agus roinnt bialanna. D'oscail Lidl ar shuíomh an Déirithe Órán Mór i mí Meithimh 2009 agus d'oscail Tesco sa sráidbhaile i mí Samhain 2010.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oscail stáisiún traenach Órán Mór ar an 1 Lúnasa 1851 agus ar deireadh dúnadh an stáisiún ar an 17 Meitheamh 1963. Tá a stáisiún treanach le athoscailt i 2011 mar chuid de scéim Iompar 21. Is iad Bus Éireann, Citylink agus seirbhísí Bus Nestor an trí comhlacht bus a dhéanann freastal ar Órán Mór agus nascann siad an sráidbhaile le Cathair na Gaillimhe, Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Aerfort na Sionainne. Tá Órán Mór suite in aice leis an seanbhóthar-N6 go Gaillimh agus Baile Átha Cliath agus an bhóthar N18/N20 ó Ghaillimh go Luimneach. Bhí aeradróm Órán Mór mar aerbhunáit d'Aer Fhórsa Ríoga le linn an Chéad Chogadh Domhanda .

  1. Órán Mór/Oranmore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.