Páirc Thír Oileáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Páirc Thír Oileáin
Íomhá
Sonraí
CineálStaid
Foirgníocht1935 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1935 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGaillimh, Éire
Map
 53°17′05″N 9°03′23″W / 53.2847°N 9.0563°W / 53.2847; -9.0563
Gníomhaíocht
ÚinéirGalway & District League (en) Aistrigh
Suíocháin5,000
ClubGalway United Football Club

Is staid sacair í Páirc Thír Oileáin (Béarla: Terryland Park) ina imríonn Gaillimh Aontaithe a chuid cluichí ó bunaíodh an club sin sa bhliain 1977. Is le Comhlachas Sraith Sacair Ceantair agus Cathair na Gaillimhe an staid. Tá sí i gceantar Thír Oileáin ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe i bPoblacht na hÉireann. Ó am go ham cuirtear an staid ar fáil chun cluichí idirnáisiúnta sna gráid Faoi Aois a imirt. Imrítear breis agus 80 cluiche gach bliain sa staid. Cluichí Gaillimh Aontaithe suas le 25-30 díobh siúd.

Rinneadh athfhorbairt ar Pháirc Thír Oileáin sa mbliain 1993, agus mar thoradh air sin, d'imir an club a gcuid cluichí sraithe ar feadh bliana i staid baile Chumann Rugbaí Galwegians RFC, Crowley Park.

Cuireadh suim de €500,000 ar fáil mar dheontas chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an staid in 2006. Seastán nua 1,500 suíochán a thógáil ba phríomhaidhm don tionscnamh seo.

Seastán Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh críoch leis an seastán nua i bPáirc Thír Oileáin i mí Iúil 2007, rud a thug líon na suíochán ó 3,500 chuig 5,000. Tá obair leanúnach ar siúl ar an suíomh chun a leithéidí seo a sholáthar: aonad siopa, geata casta, seomra lia-scrúdaithe spóirt agus garchabhrach, seomraí feistis, leithreas, seomra cithfholctha, seomra toscairí cluiche, áis do na meáin cumarsáide agus fáiltiú, ceaintín, áis preasagallamh, stiúideo teilifíse.

Chomh maith leis na hathruithe thuasluaite, tógadh seastán ceamara os cionn sheastán Uí Chonaill agus rinneadh na tuilsoilse a athshuí.