Leitir Mealláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Oileán beag is ea Leitir Mealláin ar chósta thiar na hÉireann i gConamara, Contae na Gaillimhe. Tá an t-oileán suite sa Ghaeltacht timpeall 36 míle ó chathair na Gaillimhe i Loch Lurgan agus thart ar 14 míle ón gCeathrú Rua. Ceann de thrí oileán is ea Leitir Mealláin i nGarmna, agus tá na hoileáin eile, Tír an Fhia agus Leitir Móir, suite ar an taobh thoir de.

Ciallaíonn Leitir 'taobh cnoic'. Bhí Leitir Mealláin i seilbh Loingsigh Bhearna tráth ghlac na Comerford seilbh ar an áit thart ar an mbliain 1840. Bhí thart ar 1700 acra agus 77 teach ar an oileán ag an am.