Dún an Uchta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDún an Uchta

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°11′51″N 8°07′57″W / 53.1975°N 8.1325°W / 53.1975; -8.1325
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde55 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1390438

Is sráidbhaile é Dún an Uchta[1] (Béarla: Eyrecourt) i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sé suite ar an mbóthar R356, dhá ciliméadar déag ón droichead i mBeannchar.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an shráidbhaile ainmnithe as Clann Eyre, agus tá áiteanna eile ainmnithe astu freisin, mar shampla: An Fhaiche Mhór i gCathair na Gaillimhe. Bhí cónaí orthu i gCaisléan Dún an Uchta (is fothrach é anois) agus tá geata miotal mór suite ag an taobh oirthearach den phríomhshráid. Tá páirc níos mó ná céad acra ansin. Bhí an chlann bainteach leis an buíonn seilge áitiúil, The Galway Blazers.

Fóntais bhaile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Dún an Uchta suite ar an "Beara-Breifne Way." Tá an Beara-Breifne Way úsáidte don siúil, don rothaíocht agus ba é an céad oidreacht bunaithe sa bhliain 1603. Tá dhá theach phobail i nDún an Uchta, Oifig an Phoist, Leabharlann, Siopa, garáiste, asraon mearbhia, Siopa Poitigéire, déileálaí tarracóire, ionad leighis, bunscoil, agus Milic Dún an Uchta GAA. Úsáideann grúpaí an halla áitiúil ó am go ham.

Gach Dara bhliain, i mí Meithimh bíonn féile innealra seanré ar siúl (Railí Seanré Dún an Uchta). Thaispéan sean-tarracóir, inneall gaile agus innealra féirm ag an bhféile gach bliain. Gach Meán Fómhair bíonn seó talmhaíochta ar siúl. Bíonn comórtas beostoc, comórtas bácáil agus comórtas garraíodóireacht.

Tá Dún an Uchta suite seachtó ciliméadar (uair an chloig) soir ó chathair na Gaillimhe agus céad ↵ciliméadar is caoga (dhá uair) siar ó Bhaile Átha Cliath.

Caidreamh Idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Dún an Uchta cúpalta leis an sráidbhaile, Gouesnac'h sa Bhriotáin.

Paróiste[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá paróiste Dún an Uchta suite thoir theas i gContae na Gaillimhe. Tá na hEaglais anallóid Dunanaughta, Cluain Fearta agus Milic suite anseo, agus tá an paróiste suite in aice le Abhann na Sionainne agus tá an tSuc i bhfoisceacht 16 míle uaidh.

In Dunanaughta tá dhá Eaglais; An Eaglais Chaitliceach, Naomh Bhreandáin, agus tá gloine dhaite. Tá Eaglais na hÉireann ainmnithe do Eoghan Baiste. Tá an Eaglais Chaitliceach is sine suite i Milic atá in úsáid leanúnbach ó 1414 CR. Tá uaigh Naomh Bhreandáin "An Loingseoir" agus Ardeaglais Cluain Fearta (leis a doras ailtireachta), agus dealbh ón 14 haois ar Ár Mhuire Mháthair Cluain Fearta (Our Lady of Clonfert) ann freisin.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Charles Burton, Moltóir Ardchúirt
  • Corneilius Coughlan, Air ar bhronnadh Victoria Cross
  • Roger Whittaker, amhránaí (Rugaithe i Nairobi ach cónaíonn sé i nDún an Uchta.)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]