Carna
| Carna | |
|---|---|
| Léarscáil | |
| Daonra (2002) | |
| Airde: | 4 m |
| Contae: | Contae na Gaillimhe |
| Cúige: | Connachta |
Is sráidbhaile é Carna atá suite in Iorras Aithneach i nGaeltacht Chonamara, Contae na Gaillimhe, timpeall ar 50 ciliméadar siar ó Chathair na Gaillimhe. Tá traidisiún láidir amhránaíochta, ceoil, damhsa Gaelach agus bádóireachta fite fuaite i gcultúr ársa an cheantair.
Tá eaglais Luath-Chríostaí le feiceáil ar Oileán Mhic Dara. Bíonn oilithreacht agus rás bád ar siúl ann gach bliain. Ta gallán le feiceáil ag Loch na Scainimhe.
Tá roinnt oileáin an-ghar don chósta sa cheantar seo. Ina measc tá Fínis, Maínis, Bior Beag agus Bior Mór.
[athraigh] Daoine cáiliúila
B'as Carna don bheirt fhonnadóirí cáiliúla Seosamh Ó hÉanaí (nó Joe Éinniú mar a thugtaí air freisin) agus Sorcha Ní Ghuairim (a bhí ina bhean léinn freisin). Bhí cónaí ar an seanchaí Éamon a Búrc i gCarna freisin. Is i gCarna freisin, a bhailigh Seán Mac Giollarnáth, an bailitheoir béaloidis, an-chuid scéalta agus amhráin. Is ann a bhí cónaí ar Dhara Bán Mac Donnchadha, an t-amhránaí sean-nóis, chomh maith.
[athraigh] Ollscoil
Tá dhá ionad ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gCarna:
- Is ionad oideachais 3ú leibhéal é Áras Shorcha Ní Ghuairim. Bíonn réimse leathan de chláir ollscoile agus de ghníomhaíochtaí forbartha pobail idir lámha ag an ionad atá dírithe ar láidriú an phobail Ghaeltachta. Ritear an t-ionad faoi stiúir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
- Tá ionad bitheolaíochta na mara lonnaithe i Maoinis (oileán in aice le Carna atá ceangal aige leis an mórthír)
