Caisleán Dhroim Tharsna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Dhroim Tharsna
Íomhá
Sonraí
CineálTúrtheach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinDroim Tharsna Theas, Éire
Map
 53°08′36″N 8°50′35″W / 53.143282°N 8.84304°W / 53.143282; -8.84304
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir365

Is túrtheach i ngar d'Ard Raithin, Contae na Gaillimhe é Caisleán Dhroim Tharsna.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a fhios againn gur le Shane Ballagh an caisleán sa bhliain 1577, agus is dócha gur tógadh é tamall roimhe sin. Rinneadh damáiste don chaisleán nuair a ghabh Rannóg Chúnta Chonstáblacht Ríoga na hÉireann seilbh air sa bhliain 1920.[1]

Tharla dúnmharú gránna ag an gcaisleán i mí na Samhna 1920. Ghabh an Rannóg Chúnta beirt deartháireacha, Patrick agus Harry Loghnane, ar 26 Samhain 1920. Bhí Pat ina oifigeach san IRA agus bhí Harry ina rúnaí ar chumann áitiúil de chuid Shinn Féin. Tugadh na príosúnaigh go Caisleán Dhroim Tharsna, agus thángthas ar a gcoirp, a ndearnadh íospairt orthu, i lochán in aice láimhe breis is seachtain ina dhiaidh sin.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]