Gaillimh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cathair na Gaillimhe)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGaillimh
Galway (en)
Gaillimh (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°16′22″N 9°02′30″W / 53.2729°N 9.0418°W / 53.2729; -9.0418
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán83,456 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,561.97 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla53.43 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde25 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1124
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoifig Mhéara na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistH91 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód091 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1384607
Suíomh gréasáingalwaycity.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair in iarthar na hÉireann is ea Gaillimh[1] (fuaimniú; Béarla: Galway) agus tuairim is 79,934 duine ina gcónaí inti. Is í Gaillimh príomhbhaile Chontae na Gaillimhe. De réir cuntais Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh, tagann ainm an bhaile ó Abhainn na Gaillimhe.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

calafort sa gcathair féin, ag béal chuain na Gaillimhe. Is féidir le báid an-mhóra dul ann de bharr go bhfuil an t-uisce domhain. Tá aerfort beag lámh leis an gcathair freisin, sa gCarn Mór, agus tá ceangal traenach go Baile Átha Cliath. Tá an-chaint le tamall ar an líne traenach as Sligeach go hInis i gContae an Chláir a athnuachan, rud a chuirfeadh feabhas mór ar an gcóras traenach. I mBaile Átha an Rí a bhí, agus a cheaptar go mbeidh an ceangal seo idir an dá líne.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daonáireamh (2011): Bhí 31,866 daoine in ann Gaeilge a labhairt, agus labhair 9,158 Gaeilge gach lá[2]

Ceantair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dul chun cinn déanta ag Gaelscoileanna na Gaillimhe le 10 mbliana anuas. Cé nach bhfuil an cháil chéanna ar Choláiste Éinne agus a bhíodh, tá dornán bunscoileanna lán-Ghaelacha anois sa gcathair féin, agus tá Coláiste na Coiribe ina mheánscoil lán-Ghaelach. Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (a dtugtaí Coláiste na hOllscoile, Gaillimh uirthi cheana) suite sa gcathair le 150 bliain, chomh maith leis an bpríomhchraobh d'Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ardeaglais Chaitliceach sa gcathair a tógadh nuair a scoilteadh an chathair ó Dheoise Thuama, agus tá formhór lucht na cathrach ceangailte leis an eaglais sin. Tá líon beag Protastúnaigh sa gcathair, agus freastalaíonn cuid acu ar eaglais stairiúil San Niocláis.

Gnó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fás mór tagtha ar an gcathair le 20 bliain anuas, ó thosaigh tionscail ar nós an tionscal bogearraí ag cur fúthu ann. Bhíodh monarcha mór ag Digital Equipment as SAM ann, ach nuair a d'fhág siad an baile agus roimhe sin, bhí tionscail áitiúla tosaithe cheana féin.

Caitheamh Aimsire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sruthann Abhainn na Gaillimhe (an Choirib ón mBéarla River Corrib) tríd an gcathair, agus tá iascaireacht bhreá ar Loch Coirib, aistear gairid ón gcathair. Bíonn an-chuid bádóireachta ar loch agus ar abhainn, agus bíonn báid seoil sa gcuan sa Samhradh, ach beagán sa nGeimhreadh mar gheall ar chruas na farraige. Tá turasóirí ag teacht go Bóthar na Trá, bruachbhaile ar iarthar na cathrach, le os cionn céad bliain, agus tagann siad i gcónaí le snámh, rince, agus turais lae chuig áiteanna mar Chonamara agus an Bhoireann in aice láimhe. Tá tithe "leaba agus bricfeasta" go fairsing, agus le cúig bliana déag anuas, tá an-chuid brúnna do thaistealaithe óga freisin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is eisceacht i measc cathracha na hÉireann í Gaillimh, mar ba iad na Gaeil iad féin ar dtús a thóg an chathair. Cuireadh caisleán ar bun sa 12ú chéad ar bhéal abhann ghearr na Gaillimhe. Níos déanaí, tháinig Normannaigh, agus ina ndiaidh siúd bhí an chathair faoi smacht Shasanach. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar an gCladach, bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird. Béarla a bhí sa gcathair, agus Gaeilge i ngach áit eile mórthimpeall. Fiú i ndiaidh an Drochshaoil, áfach, de réir an daonáirimh sa bhliain 1851, bhí Gaeilge ag formhór mhuintir na cathrach.

Léarscáil ó 1651.


Dugaí na Gaillimhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1830 bunaíodh Bord Chuan na Gaillimhe agus trí bliana ina dhiaidh sin tosaíodh ar thógáil na ndugaí nua, le cabhair iasacht rialtais, agus cuireadh críoch leis na dugaí sa bhliain 1842.

Anuas ar limistéar an chalafoirt a fhorbairt, ba é a bhí sa mhórphlean i gcónaí riamh ná go gceanglófaí na córais uisce intíre ar fad a bhain le Loch Coirib agus le Loch Measca le chéile. Sa tslí sin d'fhéadfaí táirgí ó na ceantair seo a thabhairt chun calafoirt an bhaile i mbáid. Sa bhliain 1820 bhí Nimmo tar éis a mholadh go ngearrfaí canáil ar thaobh thoir an bhaile a nascfadh Barr an Chalaidh leis na dugaí a moladh, ach diúltaíodh don scéim seo agus ina áit sin cuireadh an chanáil ar thaobh thiar an bhaile. Tosaíodh ar an obair don tionscadal seo sa bhliain 1848 agus osclaíodh go hoifigiúil é ceithre bliana níos déanaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]