Nós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
NÓS
Teanga
Gaeilge, Gaeilge na hAlban
Cineál
Iris mhíosúil
Formáid
Clóite agus ar líne
Bunaithe
2008
Eagarthóir
Tomaí Ó Conghaile
NosMag.com

Is iris chomhaimseartha Ghaeilge í NÓS a chlúdaíonn ceol, scannáin, taisteal, cúrsaí reatha, dearadh agus gníomhachas. Seoladh an chéad eagrán ar an 17 Márta 2008 (Lá Fhéile Pádraig) le linn Sheachtain na Gaeilge. Foilsítear an iris go míosúil.

Stair[athraigh | edit source]

Foilsíodh an iris go míosúil, saor in aisce, ar an idirlíon ar dtús, go dtí gur cuireadh leagan clóite a raibh costas air amach. Tar éis tamaill éiríodh as cló na hirise is foilsíodh í go míosúil, saor in aisce, i bhfoirm PDF agus taobh istigh de Ghaelscéal. Táthar tar éis filleadh ar an leagan clóite anois, agus bíonn eagrán na míosa roimhe le fáil ar an suíomh.

Ábhar[athraigh | edit source]

Is iomaí ábhar a scríobhann na hiriseoirí faoi, mar shampla cúrsaí reatha, gnéas, ceol, scannáin agus taisteal. Is é Tomaí Ó Conghaile, iar-leaseagarthóir le Lá Nua agus láithreoir le BBC Raidió Uladh, bunaitheoir agus eagarthóir NÓS.

Teanga[athraigh | edit source]

Is i nGaeilge na hÉireann (agus uaireanta i nGaeilge na hAlban) a scríobhann iriseoirí NÓS ach bíonn alt amháin fánach Béarla ann a dhéanann spochadh as an tslí a mbíonn ailt fhánacha Ghaeilge i roinnt de na nuachtáin Bhéarla.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]